3 D'imigh siad mar sin agus an eaglais á gcomóradh, agus chuaigh siad trí Fhéinícia agus trí Shamária freisin, agus iad ag tabhairt tuairisce ar iompú na nGintlithe chun creidimh, agus chuir siad lúcháir mhór ar na bráithre uile.
4 Nuair a shroich siad Iarúsailéim, chuir an eaglais agus na haspail agus na cruifreacha fáilte rompu, agus d'fhoilsigh siad a ndearna Dia maraon leo féin.
5 Ach d'éirigh cuid d'aicme na bhFairiséach a ghlac leis an gcreideamh agus dúirt siad go raibh sé riachtanach a dtimpeallghearradh agus a ordú dóibh dlí Mhaois a choinneáil.
6 Bhi na haspail agus na cruifreacha cruinn leis an bpointe seo a iniúchadh.
7 Agus i ndiaidh mórán plé a bheith acu faoi, d'éirigh Peadar ina sheasamh agus dúirt sé leo, “A bhráithre, is feasach daoibh go ndearna Dia rogha asaibh i bhfad ó shin, go gcluinfeadh na Ginlithe briathar an tsoiscéil ó mo bhéalsa agus go gcreidfeadh siad.
8 Agus thug Dia, a bhfuil fhios aige go fiú na smaointe is uaigní sa chroí, fianaise orthu, mar thug sé an Spiorad Naomh dóibh go díreach mar a thug sé dúinne é;
9 agus ní dhearna sé aon idirdhealú idir sinne agus iad, ach ghlan sé a gcroíthe leis an gcreideamh.