33 Agus nuair a bhí tamall caite acu, scar siad go síochánta leis na bráithre gur fhill ar an dream a chuir uathu iad.
35 Ach d'fhan Pól agus Barnabas in Antíoc, ag teagasc agus ag seanmóireacht bhriathar Dé, iadsan agus mórán daoine eile leo.
36 Tamall de laethanta ina dhiaidh sin arsa Pól le Barnabas, “Tar liom anois, go bhfillimid agus go dtugaimid cuairt ar gach cathair inar fhoilsíomar briathar Dé, go bhfeicimid cad é an bhail atá orthu.”
37 Agus ba mhian le Barnabas Eoin dá ngairtí Marcas a thabhairt leo freisin.
38 Ach mheas Pól gurbh fhearr dóibh gan an duine sin a thabhairt leo a thréig i bPamfilia iad agus nach ndeachaigh leo i gcionn na hoibre.
39 Agus d'éirigh achrann searbh eatarthu, i dtreo gur scar siad le chéile; ghlac Barnabas Marcas le bheith leis agus sheol sé leis go dtí an Chipir,
40 ach thogh Pól Sailas, agus d'imigh seisean, agus na bráithre á chur faoi choimirce ghrásta Dé.