38 Ach mheas Pól gurbh fhearr dóibh gan an duine sin a thabhairt leo a thréig i bPamfilia iad agus nach ndeachaigh leo i gcionn na hoibre.
39 Agus d'éirigh achrann searbh eatarthu, i dtreo gur scar siad le chéile; ghlac Barnabas Marcas le bheith leis agus sheol sé leis go dtí an Chipir,
40 ach thogh Pól Sailas, agus d'imigh seisean, agus na bráithre á chur faoi choimirce ghrásta Dé.
41 Agus shiúil sé ar fud na Síre agus Cilicia, ag neartú leis na heaglaisí.