9 agus ní dhearna sé aon idirdhealú idir sinne agus iad, ach ghlan sé a gcroíthe leis an gcreideamh.
10 Cad chuige mar sin a mbíonn sibh ag cur cathú ar Dhia, ag leagan cuinge ar mhuineál na ndeisceabal nár fhéadamar féin ná ár seacht sinsear a fhulaingt?
11 Ach is é a chreidimid go slánófar sinn trí ghrásta an Tiarna Íosa go díreach mar a shlánófar iad siúd.”
12 Agus d'fhan an comhthionól uile ina dtost; agus d'éist siad le Barnabas agus le Pól agus iad ag aithris na gcomharthaí agus na n‑iontas a bhí déanta ag Dia tríothu i measc na nGintlithe.
13 Nuair a bhí deireadh ráite acu, thug Séamas freagra mar seo, “A bhráithre, éistigí leis seo uaim.
14 Tá Síomón tar éis a insint daoibh conas a thaobhaigh Dia na Gintlithe don chéad uair, le pobal a thógáil astu a mbeadh a ainm orthu.
15 Agus tagann briathra na bhfáithe leis sin mar atá scríofa,