22 Thug an slua ionsaí fúthu freisin; agus stróic na ceannfoirt na héadaí díobh agus d'ordaigh a mbualadh leis an tslat.
23 Agus nuair a bhí mórán buillí buailte acu orthu, chaith siad isteach i bpríosún iad, ag ordú don séiléir faire mhaith a choinneáil orthu.
24 Nuair a cuireadh ar a chúram mar sin iad, chuir sé sa chuid den phríosún ab fhaide istigh iad agus cheangail sé a gcosa sa cheap.
25 Ach i dtrátha meán oíche bhí Pól agus Sailas ag urnaí agus ag ceol ag moladh Dé, agus na príosúnaigh ag éisteacht leo,
26 agus bhí crith talaimh tobann ann, a chorraigh dúshraith an phríosúin; agus i dtobainne bhí na doirse uile ar oscailt agus na geimhle a bhí ar gach duine scaoilte.
27 Nuair a mhúscail an séiléir agus nuair a chonaic sé doirse an phríosúin ar oscailt, tharraing sé a chlaíomh agus bhí ar tí lámh a chur ina bhás féin, agus é ag déanamh go raibh na príosúnaigh i ndiaidh éalú leo.
28 Ach ghlaoigh Pól in ard a ghutha leis, “Ná déan dochar ná dolaidh duit féin, mar táimid uile go léir anseo i láthair.”