26 agus bhí crith talaimh tobann ann, a chorraigh dúshraith an phríosúin; agus i dtobainne bhí na doirse uile ar oscailt agus na geimhle a bhí ar gach duine scaoilte.
27 Nuair a mhúscail an séiléir agus nuair a chonaic sé doirse an phríosúin ar oscailt, tharraing sé a chlaíomh agus bhí ar tí lámh a chur ina bhás féin, agus é ag déanamh go raibh na príosúnaigh i ndiaidh éalú leo.
28 Ach ghlaoigh Pól in ard a ghutha leis, “Ná déan dochar ná dolaidh duit féin, mar táimid uile go léir anseo i láthair.”
29 Agus d'ordaigh sé solas a lasadh agus rith sé isteach, agus thit sé agus é ar aon bhallchrith le heagla roimh Phól agus Shailas,
30 agus thug sé amach iad gur fhiafraigh díobh, “A fheara, cad é a chaithfeas mé a dhéanamh le teacht slán?”
31 Agus ar siadsan leis, “Creid sa Tiarna Íosa, agus slánófar thú féin agus do theaghlach.”
32 Agus labhair siad briathar Dé leis agus lena raibh sa teach.