14 Ba ansin a chuir na bráithre Pól amach ar shiúl chun na farraige, ach d'fhan Sailas agus Timótéus ansin.
15 An dream a bhí ag comóradh Phóil thug siad leo é go dtí an Ataen; agus d'fhill siad ansin le hordú do Shailas agus Thimótéus teacht chuige chomh tiubh géar agus d'fhéadfaidís.
16 Bhí Pól ag feitheamh leo ansin san Ataen, agus é ag goilliúint ar a anam an chathair a fheiceáil agus í lán d'íola.
17 Ach bhíodh sé ag díospóireacht sa tsionagóg leis na Giúdaigh agus leis na daoine cráifeacha, agus i sráid an mhargaidh gach lá leis na daoine a chastaí dó.
18 Bhuail fealsúnaigh d'aicmí na nEpicúréach agus na Stóiceach leis, agus cuid acu á rá, “Cad é a bheadh le rá ag béalastán breacléannta mar é seo?” Agus cuid eile, “Tá an chuma air go bhfuil déithe coimhthíocha á léiriú aige”—mar d'fhógair sé Íosa agus an t‑aiséirí.
19 Ghlac siad ansin é gur thug leo go Cnoc Chúirt Arés é, agus gur labhair mar seo leis, “An féidir fios a thabhairt dúinn ar an nuatheagasc sin a mbíonn tú á fhoilsiú?
20 Mar cluinimid rudaí neamhchoitianta á rá agat, agus ba mhaith linn, más toil leat é, a fhios a fháil cad é is ciall leo.”