1 Ina dhiaidh sin d'fhág sé an Ataen, agus chuaigh sé go Coraint.
2 Bhuail sé ansin le Giúdach darbh ainm Acuila, as Pontus, a tháinig le gairid aniar ón Iodáil é féin agus a bhanchéile Priscila, ó bhi Claudius tar éis a ordú do na Giúdaigh uile an Róimh a fhágáil. Agus thug sé cuairt ar an lánúin seo;
3 agus ó ba ionann ceird dó, d'fhan sé ina dteachsan, agus chuaigh siad i gcomhar le chéile san obair, mar bhí siad araon ina lucht déanta puball de réir ceirde.
4 Agus bhíodh sé ag díospóireacht sa tsionagóg gach sabóid, agus a chaint ag fáil greama ar Ghiúdaigh agus ar Ghréagaigh.