12 Ach nuair a bhí Gallio ina phrochonsal in Acáia, thug na Giúdaigh uile le chéile ionsaí ar Phól, agus thug siad os comhair bhinse an bhreithimh é,
13 agus dúirt siad, “Tá an fear seo ag tabhairt ar dhaoine Dia a adhradh ar mhodh atá crosta ag an dlí.”
14 Ach nuair a bhí Pól ar tí a bhéal a oscailt, dúirt Gallio leis na Giúdaigh, “Dá mba cheist choirpeachta nó choire gráiniúla í, a Ghiúdacha úd, bheadh cúis mhaith agam le bheith ag éisteacht go foighneach libh;
15 ach ós ceist bhriathra agus ainmneacha agus ó bhaineann sé leis an dlí is agaibhse, féachaigí chuici sibh féin; mar níl toil agam a bheith i mo bhreitheamh ar na gnóthaí seo.”
16 Agus chuir sé an ruaig orthu ó bhinse an bhreithimh.
17 Agus rug a raibh i láthair ar Shostenés, rialtóir na sionagóige, gur tugadh greasáil mhaith dó os comhair bhinse an bhreithimh. Ach rinne Gallio neamh-iontas de sin uile.
18 Ach d'fhan Pól tamall fada de laethanta ina dhiaidh sin, agus ansin d'fhág sé slán ag na bráithre, agus d'imigh sé ar bhord loinge go dtí an tSír, agus Priscila agus Acuila leis. Bhearr sé gruaig a chinn i gCeanncriae ó bhí móid air.