6 Agus nuair a thosaigh siad ar chur ina éadan agus ar thabhairt masla cainte dó, chaith sé an deannach as a chuid éadaí, agus dúirt sé leo, “Bíodh éiric bhur n‑anamacha oraibh féin! Tá mise saor uirthi. As seo amach rachaidh mé chuig na Gintlithe.”
7 Agus d'fhág sé an tsionagóg agus chuaigh sé go teach fir darbh ainm Titius Iustus, a bhí ar lucht adhartha Dé a raibh a theachsan i mbéal dhoras na sionagóige.
8 Chreid Criospas, rialtóir na sionagóige, sa Tiarna, é féin agus a theaghlach uile; agus chreid mórán de na Coraintigh a d'éist le Pól agus baisteadh iad.
9 Agus dúirt an Tiarna le Pól oíche amháin in aisling, “Ná bíodh eagla ort, agus labhair agus ná fan i do thost;
10 mar tá mise ag taobhú leat, agus ní dhéanfaidh aon duine ionsaí ort le dochar a dhéanamh duit; mar tá mórán daoine agamsa sa chathair seo.”
11 Agus d'fhan sé ann i rith bliana agus sé mhí, ag teagasc bhriathar Dé dóibh.
12 Ach nuair a bhí Gallio ina phrochonsal in Acáia, thug na Giúdaigh uile le chéile ionsaí ar Phól, agus thug siad os comhair bhinse an bhreithimh é,