1 San am a raibh Apollós i gCoraint, shiúil Pól trí uachtar na tíre gur tháinig sé go dtí an Eiféis. Tháinig sé ar dhornán bráithre ansin.
2 Agus d'fhiafraigh sé díobh, “An bhfuair sibh an Spiorad Naomh nuair a tháinig sibh chun creidimh?” Agus ar siadsan, “Ní bhfuair, mar níor chualamar riamh fiú go raibh a leithéid de Spiorad Naomh ann.”
3 Agus d'fhiafraigh sé díobh ansin, “Cé an sórt baiste ar ghlac sibh leis mar sin?” Agus ar siadsan, “Le baiste Eoin.”
4 Agus arsa Pól, “Bhíodh Eoin ag baisteadh daoine le baiste na haithrí, agus ag insint do na daoine go gcaithfeadh siad creideamh sa té a bhí le teacht ina dhiaidh, is é sin in Íosa.”