12 Nuair a chualamar sin, d'agraíomarna agus na daoine a bhí ansin air gan dul suas go hIarúsailéim.
13 D'fhreagair Pól ansin, “Cad é atá sibh a dhéanamh, ag caoineadh agus ag briseadh mo chroí? Mar táim sásta ní hamháin le dul i bpríosún ach le bás a fháil in Iarúsailéim ar son ainm an Tiarna Íosa.”
14 Agus nuair a chonaiceamar nach raibh maith ann dúinn bheith ag cur comhairle air, chuireamar suas de, agus dúramar, “Toil an Tiarna go ndéantar.”
15 Nuair a chuaigh na laethanta úd thart, rinneamar réidh agus chuamar suas go hIarúsailéim.
16 Agus chuaigh cuid de na deisceabail as Caesaríá linn, ár gcomóradh chomh fada le teach Mnasoin, as an gCipir, a bhí ina dheisceabal ariamh anall, agus a rabhamar le lóistín a fháil aige.
17 Nuair a thángamar go hIarúsailéim, chuir na bráithre fáilte chroíúil romhainn.
18 An lá ina dhiaidh sin chuaigh Pól chuig Séamas linne; agus bhí na cruifreacha uile i láthair.