2 Thángamar ansin ar long a bhí le dul trasna na farraige go Féinícia, agus chuamar ar bhord agus sheolamar uirthi.
3 Nuair a nocht an Chipir dúinn, d'fhágamar ar ár mbord clé í ag déanamh ar an tSír, agus thángamar i dtír ag Tior; mar ba ansin a bhí ar an long a lasta a dhíluchtú.
4 Chuamar ar thuairisc na ndeisceabal ansin, agus d'fhanamar seacht lá acu. Thug siad rabhadh ó bhéal an Spioraid á rá le Pól gan dul ar aghaidh go hIarúsailéim.
5 Agus nuair a bhí deireadh leis an dornán laethanta a chaitheamar ansin, d'imíomar i gcionn ár n‑aistir; agus iad uile ár gcomóradh lena mná agus a bpáistí go rabhamar taobh amuigh den chathair; agus chuamar ar ár nglúine ar ghaineamh na trá agus rinneamar urnaí agus d'fhágamar slán agus beannacht ag a chéile.
6 Chuamar féin ar bhord na loinge ansin, agus d'fhill siadsan abhaile.
7 Nuair a chuireamar críoch ar ár n‑aistear farraige as an Tior, shroicheamar Ptolemáis; agus bheannaíomar do na bráithre, agus chaitheamar aon lá amháin leo.
8 D'imíomar lá arna mhárach agus thángamar go Caesaríá; agus chuamar go teach Philib an soiscéalaí, a bhí ina dhuine den mhór-sheisear, agus d'fhanamar aigesean.