32 Ar an bpointe thug sé saighdiúirí agus ceantúirí leis, agus rith sé síos chucu; agus nuair a chonaic siad an treabhann agus na saighdiúirí chucu, stad siad de bheith ag bualadh Phóil.
33 Tháinig an treabhann aníos ansin agus ghabh sé é, agus thug sé ordú a cheangal le dhá shlabhra. D'fhiafraigh sé cé bhí ann agus cad é a bhí déanta aige.
34 Ansin bhí cuid den slua á rá seo agus cuid eile á rá siúd in ard a gcinn; agus ó nár fhéad sé fírinne an scéil a fháil de bharr an challáin, d'ordaigh sé a thabhairt isteach go beairic na saighdiúirí.
35 Agus nuair a tháinig sé go dtí an staighre, b'éigean do na saighdiúirí a iompar, bhí an slua chomh fíochmhar sin;
36 mar bhí slua daoine á leanúint agus iad ag scairteadh, “Cuirigí den saol é!”
37 Nuair a bhíothas ar tí Pól a thabhairt isteach sa bheairic, ar seisean leis an treabhann, “Cogar mé seo leat, le do thoil,” agus dúirt sé leis, “An féidir go bhfuil an Ghréigis agat?
38 An féidir é mar sin nach tú an tÉigipteach úd a d'fhadaigh an t‑éirí amach tá tamall gairid ó shin agus a thug ceithre mhíle de lucht na Miodóg amach go dtí an fásach leis?”