35 Agus nuair a tháinig sé go dtí an staighre, b'éigean do na saighdiúirí a iompar, bhí an slua chomh fíochmhar sin;
36 mar bhí slua daoine á leanúint agus iad ag scairteadh, “Cuirigí den saol é!”
37 Nuair a bhíothas ar tí Pól a thabhairt isteach sa bheairic, ar seisean leis an treabhann, “Cogar mé seo leat, le do thoil,” agus dúirt sé leis, “An féidir go bhfuil an Ghréigis agat?
38 An féidir é mar sin nach tú an tÉigipteach úd a d'fhadaigh an t‑éirí amach tá tamall gairid ó shin agus a thug ceithre mhíle de lucht na Miodóg amach go dtí an fásach leis?”
39 Dúirt Pól á fhreagairt, “Giúdach atá ionam, as Tarsus i gCilicia, saoránach de chathair nach bhfuil gan chlú; iarraim mar achainí ort cead a thabhairt dom labhairt leis na daoine.”
40 Agus nuair a thug sé an cead sin dó, sheas Pól i mbarr an staighre, agus rinne sé comhartha lena láimh leis na daoine; agus nuair a bhí ciúnas mór ann, labhair sé leo sa teanga Eabhrach, agus is é a dúirt sé: