6 Chuamar féin ar bhord na loinge ansin, agus d'fhill siadsan abhaile.
7 Nuair a chuireamar críoch ar ár n‑aistear farraige as an Tior, shroicheamar Ptolemáis; agus bheannaíomar do na bráithre, agus chaitheamar aon lá amháin leo.
8 D'imíomar lá arna mhárach agus thángamar go Caesaríá; agus chuamar go teach Philib an soiscéalaí, a bhí ina dhuine den mhór-sheisear, agus d'fhanamar aigesean.
9 Bhi ceathrar iníon neamhphósta aigesean a dhéanadh fáidheadóireacht.
10 Nuair a bhíomar tamall de laethanta ag fanacht ansin, tháinig fáidh darbh ainm Agabus anuas as Iúdaea.
11 Ag teacht chugainn dó, ghlac sé crios Phóil gur cheangail sé a chosa agus a lámha féin, agus dúirt sé, “Is é a deir an Spiorad Naomh, ‘Is mar seo a cheanglós na Giúdaigh in Iarúsailéim an fear ar leis an crios seo, agus cuirfidh siad i lámha na nGintlithe é.
12 Nuair a chualamar sin, d'agraíomarna agus na daoine a bhí ansin air gan dul suas go hIarúsailéim.