18 lena súile a oscailt, ionas go n‑iompaí siad ó dhorchadas chun an tsolais agus as cumhacht Shátain chuig Dia, agus go bhfaighidh siad maithiúnas na bpeacaí agus ionad i measc an dreama a naomhaítear trí chreideamh ionamsa.’
19 “Dá bhrí sin, a Rí Agrippa, ní raibh mé easumhal don aisling neamhaí,
20 ach ag foilsiú do lucht na Damaisce ar dtús, agus ansin in Iarúsailéim agus ar fud thír Iúdaea, agus do na Gintlithe freisin, go ndéanfadh siad aithreachas agus iompú chun Dé agus na dea-oibreacha is dual dá n‑aithreachas.
21 Ar an ábhar sin rug na Giúdaigh orm sa teampall agus thug siad iarraidh ar mo mharú.
22 Go dtí an lá inniu tá an cuidiú sin agam a thagas ó Dhia, agus seasaim amach mar sin anseo ag tabhairt fianaise d'uasal agus d'íseal, agus gan mé ag rá aon rud ach an méid a dúirt na fáithe agus Maois a thiocfadh i gcrích:
23 go gcaithfeadh an Críost an pháis a fhulaingt, agus go mba é an chéad duine a thiocfadh ar an aiséirí ó mhairbh ag forógradh solais dár gcine agus do na Gintlithe.”
24 Nuair a bhí sé á chosaint féin sna briathra seo, arsa Festus leis de ghlór ard, “A Phóil, an ar buile atá tú; tá do léann iomarcach do do chur ar mearú céille.”