21 Ar an ábhar sin rug na Giúdaigh orm sa teampall agus thug siad iarraidh ar mo mharú.
22 Go dtí an lá inniu tá an cuidiú sin agam a thagas ó Dhia, agus seasaim amach mar sin anseo ag tabhairt fianaise d'uasal agus d'íseal, agus gan mé ag rá aon rud ach an méid a dúirt na fáithe agus Maois a thiocfadh i gcrích:
23 go gcaithfeadh an Críost an pháis a fhulaingt, agus go mba é an chéad duine a thiocfadh ar an aiséirí ó mhairbh ag forógradh solais dár gcine agus do na Gintlithe.”
24 Nuair a bhí sé á chosaint féin sna briathra seo, arsa Festus leis de ghlór ard, “A Phóil, an ar buile atá tú; tá do léann iomarcach do do chur ar mearú céille.”
25 Ach arsa Pól, “Níl mé ar buile, a Fhestuis, i gcead do do shoilse, níl á rá agam ach an fhírinne lom.
26 Mar tá fios na nithe seo ag an rí, agus tá mé á rá suas lena bhéal; mar tá mé cinnte nach bhfuil aon phointe acu seo ceilte air, mar ní dhearnadh seo uile i gclúid faoi rún.
27 A Rí Agrippa, an gcreideann tú na fáithe? Tá a fhios agam go gcreideann.”