25 Ach arsa Pól, “Níl mé ar buile, a Fhestuis, i gcead do do shoilse, níl á rá agam ach an fhírinne lom.
26 Mar tá fios na nithe seo ag an rí, agus tá mé á rá suas lena bhéal; mar tá mé cinnte nach bhfuil aon phointe acu seo ceilte air, mar ní dhearnadh seo uile i gclúid faoi rún.
27 A Rí Agrippa, an gcreideann tú na fáithe? Tá a fhios agam go gcreideann.”
28 Agus dúirt Agrippa le Pól, “Creideann tú go ndéanfaidh tú Criostaí díom i seal beag!”
29 Agus dúirt Pól, “Is cuma cé acu beag nó mór é, táim ag guí Dé go raibh sibh ní hamháin tú féin ach a bhfuil ag éisteacht liom inniu mar atá mé féin murab iad na geimhle seo.”
30 D'éirigh an rí ansin, agus an t‑uachtarán agus Berníce agus a raibh ina suí ina gcuideachta;
31 agus nuair a bhí an áit fágtha acu, dúirt siad le chéile, “Níl aon ní á dhéanamh ag an bhfear seo a thuilleas bás ná príosúnacht.”