1 Agus nuair a socraíodh go rachaimis ar long go dtí an Iodáil, cuireadh Pól agus príosúnaigh áirithe eile ar chúram ceantúra den chohórt Augustach darbh ainm Iúlius.
2 Chuamar ansin ar bhord loinge Adramitigh a bhí le bailte cuain na hÁise a shiúl, agus chuamar chun farraige, agus bhí Aristarcas, Macadóineach as Tesaloníca linn.
3 An dara lá thángamar i gcaladh i Siodón; agus bhí Iúlius go daonnachtúil dea-chroíoch le Pól, agus lig sé dó cuairt a thabhairt ar a chairde agus aire a fháil uathu.
4 Chuamar amach as sin chun na farraige agus rinneamar ar thaobh an fhoscaidh den Chipir, ó bhí an ghaoth inár n‑éadan.
5 Agus chuamar thar an réimse farraige amach ó Chilicia agus ó Phamfilia gur shroicheamar Maira i Licia.