16 Chuamar ar thaobh an fhoscaidh d'oileáinín a raibh Cauda mar ainm air, agus chuir sé obair mhór orainn an bád a cheangal;
17 agus nuair a bhí sé tógtha ar bord acu, rinne siad a ndícheall le cabhail na loinge a dhaingniú le téada; bhí eagla orthu ansin go mbuailfidís ar oitreacha na Syrtes, agus d'ísligh siad an rigín, agus lig siad di imeacht léi.
18 Agus ó bhíomar dár ndianchoscairt ar bharr na dtonnta, tosaíodh an lá ina dhiaidh sin ag caitheamh an lasta amach san fharraige;
19 agus an tríú lá rug siad lena lámha féin ar threalamh na loinge gur chaith thar bord é.
20 Agus ó bhí mórán laethanta i ndiaidh dul thart gan grian ná réaltaí a theacht ar ár n‑amharc, agus ó nár bheag ná suarach an doineann sin a rug orainn, ní raibh dóchas ar bith fágtha againn le teacht slán as.
21 Nuair a bhí tamall fada caite acu gan bhia, tháinig Pól chun tosaigh ina measc, agus ar seisean, “A fheara, ba é bhur gceart éisteacht liom, agus gan dul i bhfarraige ón gCréit agus an chruóg agus an caillteanas sin a thabhairt oraibh féin.
22 Ach deirim libh anois croí a bheith agaibh; mar ní chaillfear aon duine agaibh, ach an long amháin.