24 agus dúirt sé liom, ‘Ná bíodh eagla ort, a Phóil; caithfidh tú seasamh i láthair Chaesair; agus seo, dheonaigh Dia duit an dream uile go léir atá ar an bhfarraige i do chuideachta.’
25 Bíodh uchtach agaibh mar sin, a fheara, mar tá dóchas as Dia agam go dtarlóidh go díreach mar a insíodh dom.
26 Ach caithfimid rith cladaigh a thabhairt don long ar oileán áirithe.”
27 Mar sin an ceathrú hoíche dhéag dúinn ag imeacht ó thonn go tonn ar fud mhuir Adriad, um mheán oíche bhí barúil ag na mairnéalaigh go rabhthas ag teacht do chomhair talaimh.
28 Thomhais siad an doimhne mar sin agus bhí sí fiche feá; agus thomhais siad arís i ndiaidh dul ar aghaidh giota eile agus bhí sí cúig fheá dhéag.
29 Bhi eagla ansin orthu roimh dhul ar na carraigeacha, agus mar sin chuir siad ceithre ancaire amach as deireadh na loinge agus iad ag guí go ngealfadh an lá.
30 Agus nuair a bhí na mairnéalaigh ag iarraidh éalú ón long, agus nuair a bhí an bád curtha ar thonn acu ar scáth ancairí a chur amach ar thosach na loinge,