18 Ach is amhlaidh a d'fhíoraigh Dia an méid a bhí inste aige roimh ré trí bhéal na bhfáithe uile, go bhfulaingeodh a Chríost a pháis.
19 Déanaigí aithrí mar sin, agus tiontaígí arís, ionas go scriostar bhur bpeacaí amach, agus ionas go dtaga uaireanta athnuachain ó láthair Dé,
20 agus ionas go gcuire sé uaidh an Críost atá ceaptha daoibh, is é sin Íosa,
21 a gcaithfidh an neamh a ghlacadh go dtaga an t‑am a gcuirfear i gcrích ar labhair Dia trí bhéal a naomhfháithe ón gcianaimsir.
22 Is é a dúirt Maois, ‘Ardóidh an Tiarna Dia fáidh daoibh as measc bhur mbráithre mar a d'ardaigh sé mise. Éistfidh sibh leis cibé dá n‑insíonn sé daoibh.
23 Agus is amhlaidh a scriosfar as measc na ndaoine gach uile anam nach n‑éisteann leis an bhfáidh úd.’
24 Agus níl fáidh dár labhair, ó Shamuel agus na fáithe a tháinig ina dhiaidh, nár fhoilsigh faoi na laethanta seo atá ann.