5 ach níor thug sé aon oidhreacht dó inti, go fiú leithead troighe, ach gur gheall sé go dtabharfadh sé dó é mar sheilbh aige féin agus ag a shliocht ina dhiaidh, cé nach raibh muirear ar bith aige go fóill.
6 Agus labhair Dia leis mar seo, ag rá go mbeadh a shliochtsan ina gcoigrígh i dtír a bheadh ag cine eile, a dhéanfadh daoir díobh agus a thabharfadh drochíde dóibh i rith ceithre chéad bliain.
7 ‘Ach tabharfaidh mé breithiúnas ar an náisiún a bhfuil siad i ndaoirse acu,’ arsa Dia, ‘agus ina dhiaidh sin imeoidh siad as sin agus tabharfaidh siad adhradh dom san áit seo.’
8 Agus thug sé dó cúnant an timpeallghearrtha. Mar sin ghin sé Íosóg agus thimpeall-ghearr sé é an t‑ochtú lá; agus ghin Íosóg Iácób, agus ghin Iácób an dáréag uasalaithreacha.
9 “Agus bhí éad ar na huasalaithreacha le hIósaf, agus dhíol siad é le bheith ina dhaor san Éigipt; ach bhí Dia leis,
10 agus shlánaigh sé é as a angair uile, agus bhronn sé gnaoi agus eagna air i láthair Pharaó, rí na hÉigipte, go dtí gur chuir sé i gceannas é os cionn na hÉigipte agus os cionn a rítheaghlaigh féin uile.
11 Tháinig gorta ansin ar fud na hÉigipte agus ar fud Chanáin, agus anró mór, agus ní raibh aon bhia le fáil ag ár n‑aithreacha.