2 Chuir sé chun bealaigh chun na Síre agus síocháin ar a bhéal, agus d'osclaíodh muintir na gcathracha a ngeataí roimhe agus théidís amach ina choinne; mar d'ordaigh Alastar rí fáilte a chur roimhe mar gurbh é a athair céile é.
3 Ach nuair a théadh Ptoilimí isteach sna cathracha, bhuannaíodh sé saighdiúirí mar gharastún i ngach ceann.
4 Nuair a tháinig sé i gcóngar Azótas, thaispeáin siad creatlach dóite theampall Dhágón dó, agus Azótas agus a bhruachbhailte scriosta, corpáin scaipthe thall agus abhus, agus conablaigh loiscthe na ndaoine a dhóigh Iónátán sa chath agus iad ina gcairn acu ar feadh a bhealaigh.
5 Chuireadar in iúl don rí freisin cad a rinne Iónátán le milleán a chur air, ach níor labhair an rí focal.
6 Chuaigh Iónátán go Iopa le bualadh leis an rí go hollásach, agus bheannaigh siad dá chéile agus chaith an oíche ann.
7 Rinne Iónátán an rí a thionlacan chomh fada leis an abhainn ar a dtugtar Eiliútaras agus ansin d'fhill sé ar Iarúsailéim.
8 Ghabh Ptoilimí rí ceannas ar chathracha an chósta chomh fada le fearainn Seiliúiciá agus bhí an t‑olc á bheartú gan staonadh aige in aghaidh Alastair.