4 Nuair a tháinig sé i gcóngar Azótas, thaispeáin siad creatlach dóite theampall Dhágón dó, agus Azótas agus a bhruachbhailte scriosta, corpáin scaipthe thall agus abhus, agus conablaigh loiscthe na ndaoine a dhóigh Iónátán sa chath agus iad ina gcairn acu ar feadh a bhealaigh.
5 Chuireadar in iúl don rí freisin cad a rinne Iónátán le milleán a chur air, ach níor labhair an rí focal.
6 Chuaigh Iónátán go Iopa le bualadh leis an rí go hollásach, agus bheannaigh siad dá chéile agus chaith an oíche ann.
7 Rinne Iónátán an rí a thionlacan chomh fada leis an abhainn ar a dtugtar Eiliútaras agus ansin d'fhill sé ar Iarúsailéim.
8 Ghabh Ptoilimí rí ceannas ar chathracha an chósta chomh fada le fearainn Seiliúiciá agus bhí an t‑olc á bheartú gan staonadh aige in aghaidh Alastair.
9 Chuir sé teachtaí go Déimitrias rí á rá: “Tar, déanaimis conradh le chéile agus tabharfaidh mé m'iníon, a bhí mar chéile ag Alastar, duit le pósadh, agus beidh tú i réim i ríocht d'athar.
10 Mar is oth liom anois gur thug mé m'iníon dó, mar rinne sé iarracht ar mé a mharú.”