14 Más éanlaith a bheidh le huileloscadh aige mar íobairt don Tiarna, tugadh sé a ofráil de choilm nó de ghearrcaigh cholúir.
15 Déanadh an sagart é a ofráil ag an altóir, agus a cheann a stoitheadh de agus é sin a dhó ar an altóir. Fáisceadh sé an fhuil as ar thaobh na haltóra.
16 Ansin baineadh sé an eagaois as agus na cleití de, agus iad a chaitheamh láimh leis an altóir ar an taobh thoir mar a gcuirtear an luaithreach.
17 Stolladh sé ina dhá leath é, le sciathán ar gach taobh, ach ná scaradh sé an dá chuid ó chéile. Dódh an sagart ar an altóir ansin é ar an mbrosna ar an tine. Beidh an t‑uileloisctheach seo ina íobairt dhóite, agus beidh a chumhracht taitneamhach leis an Tiarna.