Léivític 13 ABN

Lobhra

1 Dúirt an Tiarna le Maois agus le hÁrón:

2 “Nuair a bhíonn at nó gearb nó spota ar chneas duine, ní mór a bheith in amhras faoi lobhra chnis. Ní foláir an duine a bhreith chun Árón an sagart, nó go duine dá chlann mhac is sagart.

3 Ní foláir don sagart an galar cnis a iniúchadh. Má bhíonn an fionnadh san áit galraithe liata, agus má bhíonn an galar ag dul sa bheo, ansin go deimhin is cás lobhra é, agus tar éis a scrúdaithe caithfidh an sagart an t‑othar a fhógairt neamhghlan.

4 Ach má bhíonn an spota bán ar an gcneas agus gan de dhealramh air a bheith ag dul níos doimhne sa bheo, agus nach bhfuil an fionnadh air liata, cuireadh an sagart an t‑othar ar leithrigh leis féin ar feadh seacht lá.

5 Déanadh an sagart é a scrudú arís ar an seachtú lá, agus más dóigh leis go bhfuil an galar ceansaithe, gan leathadh in aon bhall eile, cuireadh sé ar leithrigh leis féin é ar feadh seacht lá eile.

6 Déanadh an sagart iniúchadh air arís an seachtú lá, agus má bhíonn an ball tinn gan luisne agus gan leathadh ar an gcraiceann, ansin fograíodh an sagart an duine glan. Níl ann ach gearb; níodh sé a chuid éadaigh agus bíodh sé glan.

7 Ach má leathann an ghearb ar an gcraiceann tar éis don othar é féin a thaispeáint don sagart agus é a fhógairt glan, tagadh sé i láthair an tsagairt arís.

8 Tar éis don sagart é a iniúchadh agus a dheimhniú gur leath an ghearb ar an gcraiceann, ní foláir don sagart é a fhógairt neamhghlan. Lobhra í seo.”

9 “Nuair a bhuaileann lobhra duine, tugtar chun an tsagairt é.

10 Déanadh an sagart é a iniúchadh agus má bhíonn at bán ar an gcraiceann agus léithe san fhionnadh dá bharr, agus fiolún ag borradh,

11 ansin is lobhra mharthanach atá ar an gcraiceann agus ní foláir don sagart é a fhógairt neamhghlan. Níl sé lena choimeád ar leithrigh; tá sé neamhghlan gan aon agó.”

12 “Ach má leathann an lobhra ar fud an chnis ar fad, má bhreacann sí cneas an othair ó cheann go bonn, go bhfios don sagart,

13 ansin ní foláir don sagart an t‑othar a iniúchadh agus má fhaigheann sé amach go gclúdaíonn an lobhra an corp ar fad, fógraíodh sé an t‑othar glan. Ó tá an cneas go léir éirithe geal, tá sé glan.

14 Ach a luaithe a fheicfear fiolún air, bíodh sé neamhghlan.

15 Déanadh na sagairt a fhiolún a scrúdú agus an duine a fhógairt neamhghlan; tá an fiolún neamhghlan; is lobhra í.

16 Má ghealann an fiolún arís, téadh an duine go dtí an sagart.

17 Déanadh an sagart é a scrúdú, agus má fhaigheann sé amach go bhfuil an ball galair geal arís, fógraíodh sé an duine glan; tá sé glan.”

18 “Nuair a thagann neascóid ar chneas duine agus go leigheasann sí

19 ach go bhfágann sí ina háit at bán nó spota le luisne bhándearg, ansin taispeánadh an duine é féin don sagart.

20 Déanadh an sagart é a iniúchadh agus má dhealraíonn sé a bheith dulta sa bheo agus an fionnadh ag liathadh, ansin fógraíodh an sagart neamhghlan é; is lobhra í a bhris mar neascóid.

21 Ach arna hiniúchadh dó, mura bhfaigheann an sagart an fionnadh liath agus nach bhfuil sí dulta sa bheo, ach feo sa bhall galair, cuireadh sé an duine ar leithrigh leis féin ar feadh seacht lá.

22 Má leathann an galar ar an gcneas ansin, fógraíodh an sagart an duine neamhghlan; lobhra atá i gceist.

23 Ach mura bhfuil an spota ach sa bhall céanna, agus nach leathann sé, is créacht neascóide é agus fógraíodh an sagart an duine glan.”

24 “Má bhíonn dó ar chneas duine agus go dtagann neascóid ar an dó, goirín geal bándearg nó báiteach bán,

25 ansin déanadh an sagart é a iniúchadh, agus má fhaigheann sé an fionnadh ar an ngoirín arna liathadh agus é dulta sa bheo, ansin is lobhra í a sceith sa dó. Fógraíodh an sagart an duine neamhghlan; is lobhra atá i gceist.

26 Ar an láimh eile mura bhfaigheann an sagart, arna iniúchadh, fionnadh liath ar an ngoirín, ná é dulta sa bheo, ach é ag feo, ansin cuireadh an sagart ar leithrigh leis féin é ar feadh seacht lá.

27 Scrúdaiodh an sagart é ar an seachtú lá agus má bhíonn an galar leata ar an gcneas, ansin fógraíodh an sagart neamhghlan é; lobhra atá i gceist.

28 Ach má fhanann an spota san aon áit, gan leathadh ar an gcneas, ach a bheith ag feo, fágann sin gur séideadh ón dó é. Fógraíodh an sagart an duine glan; níl i gceist ach créacht ón dó.”

29 “Nuair a bhíonn cneá ar cheann nó ar smig fir nó mná,

30 scrúdaíodh an sagart an chneá agus má thaibhsíonn sí a bheith dulta sa bheo agus go bhfuil an fionnadh buí agus gann, ansin fógraíodh an sagart an duine sin neamhghlan; is tine dhia atá i gceist, lobhra is é sin ar an gceann nó ar an smig.

31 Arna hiniúchadh dó, mura bhfaigheann an sagart go bhfuil sí dulta sa bheo ná go bhfuil an fionnadh [buí], cuireadh sé an t‑othar leis an ngalar tochais seo ar leithrigh leis féin ar feadh seacht lá,

32 agus ar an seachtú lá scrúdaíodh an sagart an galar; murar leath an tine dhia agus má bhíonn sí gan fionnadh buí, agus gan í dulta sa bheo,

33 ansin bearradh an t‑othar a ghruaig, ach gan baint leis an tine dhia; agus cuireadh an sagart othar an ghalair thochais ar leithrigh leis féin ar feadh seacht lá eile.

34 Ar an seachtú lá scrúdaíodh an sagart an ball tinn agus mura bhfuil sé leata ar an gcneas, agus nach bhfuil sé dulta sa bheo de réir dealraimh, ansin fógraíodh an sagart glan é; níodh sé a chuid éadaigh agus bíodh sé glan.

35 Ach má leathann an tine dhia ar an gcneas tar éis a ghlanta,

36 ansin scrúdaíodh an sagart é, agus má bhíonn an tine dhia leata ar an gcneas dáiríre, fágann sin go bhfuil an t‑othar neamhghlan, agus ní gá don sagart an fionnadh buí a chuardach.

37 Ach má bhíonn an tine dhia ceansaithe dar leis, agus go mbíonn fionnadh dubh ag fás arís uirthi, fágann sin go bhfuil an tine dhia leigheasta. Tá sé glan. Fógraíodh an sagart glan é. ”

38 “Má sceitheann pucháin ar chneas fir nó mná, agus iad ina spotaí bána,

39 déanadh an sagart iniúchadh orthu; má bhíonn na pucháin bán mílítheach, is gríos a sceith ar an gcneas; tá an t‑othar glan.”

40 “Má thiteann gruaig a bhlaoisce de dhuine, bíonn sé pláitíneach, ach glan.

41 Má thiteann an ghruaig de chlár a éadain agus dá uiseanna, bíonn maoile éadain air, ach bíonn sé glan.

42 Ach má thagann fiolún bándearg ar a bhlaosc nó ar a éadan maol, sin lobhra ag teacht ar bhlaosc mhaol nó ar éadan maol an duine.

43 Déanadh an sagart é a scrúdú agus má bhíonn at nó cneá bándearg ar a cheann maol nó ar a éadan maol, ar aon dul le lobhra an chnis,

44 fágann sin go bhfuil lobhra ar an duine; tá sé neamhghlan. Fógraíodh an sagart neamhghlan é; tá lobhra chinn air.”

45 “An duine ar a bhfuil galar na lobhra, bíodh a chuid éadaigh ina ngeiríocha, agus a chuid gruaige ina mothall gan slacht; ní foláir dó a bhéal uachtair a fholach agus glao a chur as: ‘Neamhghlan! Neamhghlan!’

46 Fad a mhaireann an galar, bíodh sé neamhghlan; ós neamhghlan é, maireadh sé ar leithrigh; bíodh cónaí air lasmuigh den champa.”

47 “Nuair a thagann lobhra ar éadach - bíodh sé d'olann nó de líon,

48 bíodh sé ina bhall éadaigh nó ina bhrat olla nó lín, bíodh sé ina sheithe nó ina dhéantús leathair -

49 agus má thaibhsíonn glaise nó deirge san éadach seo, san ábhar, sa bhrat, sa tseithe, nó sa déantús leathair, is cás lobhra é agus taispeántar don sagart é.

50 Déanadh an sagart an lot a scrúdú agus cuireadh sé an rud loite ar leithrigh ar feadh seacht lá.

51 Ar an seachtú lá, má fheiceann sé go bhfuil an lot leata ar an mball éadaigh, nó ar an ábhar, ar an tseithe nó ar an déantús leathair, cibé acu a bhíonn i gceist, is lobhra thógálach a bhíonn i gceist agus tá an rud féin neamhghlan.

52 Dódh sé an ball éadaigh, nó an t‑ábhar, an brat lín nó olla, nó an déantús leathair is cuma cén sórt, ar a bhfuil an lot; óir is lobhra thógálach í a chaithfear a scrios le tine.”

53 “Ach arna scrúdú dó, má fhaigheann an sagart amach nár leath an lot ar an mball éadaigh, ar an ábhar, ar an mbrat, ná ar an déantús leathair cibé sórt é,

54 ansin ordaíodh an sagart an rud ina bhfuil an lot a ní agus cuireadh sé ar leithrigh é ar feadh seacht lá eile;

55 déanadh an sagart an rud loite a iniúchadh tar éis a nite. Mura ndeachaigh aon athrú ar dhath an bhaill loite, fág nár leath an galar, tá sé neamhghlan; dóigh é sa tine; tá an galar go feirc ann, cibé acu istigh nó amuigh an lot ann.”

56 “Ach má dhéanann an sagart é a iniúchadh agus go bhfaigheann sé amach go bhfuil an lot tráite tar éis a nite, gearradh sé anuas é den bhall éadaigh, den leathar, den ábhar nó den bhrat.

57 Ach má bhíonn an lot le feiceáil arís ar an mball éadaigh céanna, ar an ábhar, ar an mbrat, nó ar an déantús leathair, is cuma céard é, fágann sin go bhfuil an galar beo agus ní foláir duit tine a chur lena bhfuil loite.

58 Ach an ball éadaigh, an t‑ábhar, an brat, an déantús leathair is cuma céard é, lenar scar an lot nuair a níodh é, nítear arís é, agus bíodh sé glan.

59 Sin é an dlí mar le lobhra i mball éadaigh lín nó olla, ábhar nó brat nó déantús leathair is cuma céard é, sa chás go bhfuil siad le fógairt glan nó neamhghlan.”

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27