Léivític 24 ABN

Rialacha Breise

1 Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

2 “Ordaigh do chlann Iosrael ola ghlan ológ a thabhairt chugat don lóchrann chun go mbeadh solas ar lasadh ann i gconaí.

3 Lasmuigh de fhial na Fianaise, i mBoth na Teagmhála, bíodh Árón i bhfeighil an tsolais seo. Bíodh sé ar lasadh ansiúd i láthair an Tiarna ó nóin go maidin gan teip. Reacht síoraí é sin do bhur sliocht.

4 Coimeádadh Árón na soilse i gcóir ar an gcoinnleoir d'ór glan i láthair an Tiarna i gcónaí.

5 “Gabh chugat roinnt plúir mhín agus bruith dhá bhairín déag de, dhá dheachú d'éafá i ngach ceann.

6 Ansin leag iad ina dhá rang, sé cinn an rang, ar an mbord glan atá i láthair an Tiarna.

7 Cuir túis ghlan le gach rang. Sin é an bia a ofrálfar mar chuimhneachán don Tiarna ina ofráil dhóite.

8 Cuirtear in ord i láthair an Tiarna iad gach sabóid gan teip; cuireadh clann Iosrael ar fáil iad trí chonradh síoraí.

9 Bainidís le hÁrón agus lena chlann mhac agus ithidís iad in áit naofa, óir is roinn shárnaofa aige iad d'íobairtí dóite an Tiarna, dleacht síoraí.”

Diamhasladh - Éiric

10 Bhí fear ann arbh Iosraelach mná a mháthair agus arbh Éigipteach a athair. Tháinig sé óna theach amach agus chuaigh faoin gcampa i measc chlann Iosrael agus chrom sé - mac na hIosraelaí - ar aighneas le hIosraelach sa champa.

11 Ansin thug mac na hIosraelaí diamhasladh don Ainm agus mhallaigh é. Thugadar go Maois é (Sealomaít iníon Dibrí de threibh Dán ainm a mháthar).

12 Chuireadar i gcarcair é go nochtfaí toil an Tiarna dóibh.

13 Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

14 “Tabhair an té a rinne an mallú lasmuigh den champa; leagadh gach duine a chuala é a lámh ar a cheann, agus gabhadh an comhthionól go léir de chlocha ann.

15 Ansin abair le clann Iosrael:Aon duine a mhallaíonn a Dhia, iompraíodh sé ualach a pheaca.

16 An té a dhiamhaslaíonn ainm an Tiarna ní foláir dó bás a fháil; caithfidh an comhthionól uile gabháil de chlocha ann. Cibé acu dúchasach nó deoraí é, má mhaslaíonn sé an tAinm, cuirtear chun báis é.

17 An té a mharaíonn duine, cuirtear chun báis é.

18 An té a mharaíonn ainmhí, déanadh sé cúiteamh ann; anam ar anam.

19 Má dhéanann duine a chomharsa a leonadh, déantar leis a ndearna sé,

20 briseadh ar bhriseadh, súil ar shúil, fiacail ar fhiacail. Déantar ciorrú air dála an chiorraithe a rinne sé.

21 An té a mharaíonn ainmhí, déanadh sé cúiteamh ann; agus an té a mharaíonn duine, cuirtear chun báis é.

22 Bíodh an t‑aon bhreith agaibh ar dhúchasach agus ar dheoraí; óir is mise an Tiarna bhur nDia.”

23 Nuair a bhí an méid sin ráite ag Maois le clann Iosrael, thugadar an té a rinne an mallú as an gcampa amach agus ghabhadar de chlocha ann. Rinne clann Iosrael mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois ar an gcuma sin.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27