Léivític 23 ABN

Gnás na bhFéilte Bliantúla

1 Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

2 “Labhair le clann Iosrael agus abair leo:(Sollúna an Tiarna dá nglaonn tú iad, is tionóil naofa iad.) Seo iad m'fhéilte sollúnta!

3 Déanaigí saothar ar feadh sé lá, ach bíodh an seachtú lá ina lánsaoire, ina lá comhthionóil naofa nach ndéanfar saothar ar bith. Cibé ait ina mbíonn cónaí oraibh, sabóid don Tiarna é seo.

4 Seo iad féilte sollúnta an Tiarna, na tionóil naofa dá ngairfidh sibh clann Iosrael ar an lá ceaptha.

5 An ceathrú lá déag den chéad mhí, idir dhá nóin, sin é Cáisc an Tiarna.

6 An cúigiú lá déag den mhí chéanna féile an tSlimaráin ag an Tiarna; ithigí arán slim ar feadh seacht lá.

7 An chéad lá bíodh tionól naofa agaibh, gan aon saothar trom a dhéanamh.

8 Ofrálaigí íobairt loiscthe don Tiarna ar feadh seacht lá; bíodh comhthionól naofa agaibh an seachtú lá, gan aon obair a dhéanamh.”

9 Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

10 “Labhair le clann Iosrael agus abair leo:Nuair a théann sibh isteach sa tír atá á thabhairt agam daoibh, agus a fhómhar a bhaint, tugaigí céadphunann bhur bhfómhair go dtí an sagart.

11 Cuireadh sé i láthair an Tiarna í mar dhleacht ar leith, d'fhonn go nglacfaí libh. Amárach na sabóide a dhéanfaidh an sagart an ofráil seo.

12 An lá céanna a dhéanfaidh sibh an dleacht ar leith seo a ofráil, ofrálfaidh sibh uan bliana gan mháchail mar íobairt uileloiscthe don Tiarna.

13 Sé a bheidh in abhlann an lae sin, dhá dheachú de phlúr mín fuinte le hola, íobairt uileloiscthe a dtaitneoidh a cumhracht leis an Tiarna. An ofráil dí, bíodh sí d'fhíon, ceathrú hín.

14 Ná hithigí aon arán, aon arbhar tíortha ná aon arán bruite, roimh an lá seo, roimh an ofráil a dhéanamh do bhur nDia. Sin reacht síoraí do bhur sliocht go léir cibé áit ina mbíonn cónaí oraibh.

15 Ón lá tar éis na sabóide, ón lá a thug sibh libh punann na hofrála dleachta, comhairigí seacht lánseachtainí.

16 Comhairigí leathchéad lá go dtí an lá tar éis an seachtú sabóid, ansin ofrálaigí abhlann de ghrán úr don Tiarna.

17 Tugaigí libh ó bhur dtithe, le cur i láthair mar dhleacht ar leith, dhá bhuilín fuinte as dhá dheachú dephlúr mín bruite le gabháile; céadtorthaí don Tiarna iadsan.

18 Fara an arán, ofrálaigí seacht n‑uan bliana gan mháchail, tarbh óg agus dhá reithe, mar íobairt uileloiscthe don Tiarna, mar aon le habhlann agus íobairt dí, agus íobairt dhóite a dtaitneoidh a cumhracht leis an Tiarna.

19 Ofrálaigí pocán gabhair chomh maith mar íobairt pheaca, agus dhá uan bhliana fhireanna mar íobairt chomaoineach.

20 Cuireadh an sagart i láthair an Tiarna iad mar dhleacht ar leith, mar aon le harán na gcéadtorthaí. Is nithe naofa don Tiarna iadsan agus an dá uan agus fillidís ar an sagart.

21 Bíodh comhthionól agaibh an lá céanna sin, comhthionól naofa; ní dhéanfaidh sibh aon saothar trom. Reacht síoraí é seo do bhur sliocht, cibé áit ina mbeidh cónaí oraibh.

22 Nuair a bhainfidh sibh fómhar bhur bfearainn, ná bainigí go ceann fearainn ar fad é, agus ná cnuasaigí na diasa tar éis an fhómhair. Fágaigí ag an mbochtán agus ag an deoraí iad. Mise an Tiarna bhur nDia.”

23 Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: “Labhair le clann Iosrael agus abair:

24 An chéad lá den seachtú mí, bíodh sé ina shaoire shollúnta agaibh, cuimhneachán fógartha ag séideadh an trumpa, comhthionól naofa.

25 Ná déanaigí obair throm, ach ofrálaigí íobairt loiscthe don Tiarna.”

26 Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

27 “An deichiú lá den seachtú mí Lá an Leorghnímh agaibh. Bíodh comhthionól naofa agaibh. Déanaigí troscadh agus ofrálaigí íobairt loiscthe don Tiarna.

28 Ná déanaigí aon obair an lá sin, óir is é Lá an Leorghnímh é, ina bhfuil gnás an leorghnímh le comhlíonadh ar bhur son i láthair an Tiarna bhur nDia.

29 Aon duine nach ndéanann troscadh an lá sin, déantar é a ionnarbadh óna phobal;

30 aon duine a dhéanann obair an lá sin scriosfaidh mé ó lár a phobail é.

31 Ná déanaigí aon sórt oibre; is reacht síoraí é sin do bhur sliocht, cibé áit ina mbíonn cónaí oraibh.

32 Bíodh sé seo ina shabóid saoire shollúnta agaibh, agus déanaigí troscadh. Tráthnóna an naoú lá den mhí, uaidh sin go dtí an tráthnóna dár gcionn, bíodh sé ina shabóid agaibh.”

33 Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

34 “Labhair le clann Iosrael agus abair leo:An cúigiú lá déag den seachtú mí seo féile na dTaibearnacal don Tiarna, agus maireadh sé seacht lá.

35 Lá comhthionóil naofa an chéad lá; ná déanaigí aon obair throm an lá sin.

36 Ar feadh seacht lá ofrálaigí íobairtí dóite don Tiarna; ar an ochtú lá bíodh comhthionól naofa agaibh agus déanaigí íobairt dhóite don Tiarna. Ceiliúradh clabhsúir é. Ná déanaigí aon obair throm an lá sin.

37 Sin iad féilte cinnte an Tiarna atá le fógairt agaibh mar thráthanna tionóil naofa chun íobairtí dóite a ofráil don Tiarna, agus uileloiscthigh agus abhlanna, íobairtí agus ofrálacha dí, de réir ghnás gach lae,

38 seachas sabóidí an Tiarna, agus bhur dtabhartais, agus seachas na nofrálacha móide agus deona go léir a dhéanann sibh don Tiarna.

39 Ar an gcúigiú lá déag den seachtú mí, nuair a bheidh torthaí na talún cnuasaithe agaibh, déanaigí féile an Tiarna a cheiliúradh ar feadh seacht lá. Bíodh an chéad lá agus an t‑ochtú lá ina lánsaoire.

40 An chéad lá, togaigí torthaí de thogha na gcrann, géaga pailme, craobha crann duilleach, saileoga an tsrutháin, agus déanaigí lúcháir i láthair an Tiarna bhur nDia ar feadh seacht lá.

41 Déanaigí feile a cheiliúradh don Tiarna ar an gcuma sin ar feadh seacht lá gach bliain. Reacht síoraí é seo do bhur sliocht. Ceiliúraigí í sa seachtú mí.

42 Mairigí faoi scáthláin ar feadh seacht lá; maireadh gach Iosraelach dúchais faoi scáthláin,

43 i dtreo go mba eol do bhur sliocht gur chuir mé d'iallach ar chlann Iosrael maireachtáil faoi scáthláin nua a thug mé amach iad as tír na hÉigipte. Mise an Tiarna, bhur nDia.”

44 Thug Maois tuairisc ar fhéilte sollúnta an Tiarna do chlann Iosrael ar an gcuma sin.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27