Léivític 11 ABN

Ainmhithe Glana agus Neamhghlana

1 Labhair an Tiarna le Maois agus le hÁrón agus dúirt leo:

2 “Labhraigí le clann Iosrael agus abraigí:Seo iad na dúile beo is ceadmhach daoibh a ithe de ainmhithe na talún:

3 Aon ainmhí a scoilteann an chrúb á roinnt ina dhá leath, agus a chognaíonn an chíor.

4 Ach orthu siúd a chognaíonn an chíor nó a scoilteann an chrúb, ní ceadmhach daoibh iad seo a ithe: an camall, fág go gcognaíonn sé an chíor, bíodh sé neamhghlan agaibh, mar nach scoilteann sé an chrúb;

5 an broc carraige, fág go gcognaíonn sé an chíor, bíodh sé neamhghlan agaibh mar nach scoilteann sé an chrúb;

6 agus an giorria, fág go gcognaíonn sé an chíor, bíodh sé neamhghlan agaibh, mar nach scoilteann sé an chrúb;

7 agus an mhuc, fág go bhfuil crúb scoilte roinnte ina dhá leath aici, bíodh sí neamhghlan agaibh mar nach gcognaíonn sí an chíor.

8 Ná hithigí a gcuid feola, ná bainigí lena gconablaigh; bídís neamhghlan agaibh.

9 Seo iad na dúile beo is ceadmhach daoibh a ithe dá maireann sna huiscí: dá bhfuil in uiscí na mara agus na habhann, ní miste daoibh gach a bhfuil eití agus gainní acu a ithe:

10 ach aon ní sna farraigí nó sna haibhneacha atá gan eite gan ghainne, dá bhfuil de mhíola idir bheag agus mhór sna huiscí, bíodh an ghráin agaibh orthu.

11 Sea, bíodh an ghráin agaibh orthu; ná hithigí a gcuid feola agus ná bainigí lena gconablaigh.

12 Bíodh an ghráin agaibh ar gach míol sna huiscí atá gan eite gan ghainne.

13 Ar na héin seo iad na cinn a bhfuil an ghráin le bheith agaibh orthu - ní ceadmhach iad a ithe; bíodh an ghráin orthu! - an t‑iolar, an bhadhb, an coirneach;

14 an fiach, gach cineál préacháin;

15 gach cineál cruchóige;

16 an ostrais, an seabhac oíche, an faoileán, gach cineál seabhaic;

17 an ceann cait, an fiach mara, an t‑ulchabhán,

18 an chearc uisce, an peileacán, an t‑iolar gréagach,

19 an chorr éisc agus an chorr bhán de gach cineál, an húpú agus an sciathán leathair.

20 Bíodh an ghráin agaibh ar gach feithid sciathánach atá ceathairchosach.

21 De na feithidí sciathánacha ceathairchosacha ní ceadmhach a ithe ach iad siúd a bhfuil cosa os cionn a dtroithe acu lena bhféadann siad léim as a gcorp.

22 Díobh seo dá réir sin is féidir daoibh a ithe: gach cineál lócaiste, an lócaiste ceannann de gach cineál, gach cineál criogair, gach cineál dreoilín teaspaigh;

23 ach bíodh an ghráin agaibh ar gach feithid sciathánach eile atá ceathairchosach.

24 Fágfaidh na nithe sin neamhghlan sibh; aon duine a bhaineann le conablach cinn díobh, bíodh sé neamhghlan go nóin;

25 aon duine a bhéarfaidh cuid dá gconablach leis, níodh sé a chuid éadaigh agus bíodh sé neamhghlan go nóin.

26 Gach ainmhí ag a bhfuil crúb, ach gan í a scoilteadh, gach ainmhí nach gcognaíonn an chíor, bídís neamhghlan agaibh; aon duine a bhaineann leo, bíodh sé neamhghlan.

27 Gach ainmhí spadchosach ar na hainmhithe ceathairchosacha, bídís neamhghlan agaibh; aon duine a bhaineann lena gconablach bíodh sé neamhghlan go nóin.

28 An té a iompraíonn a gconablach, níodh sé a chuid éadaigh agus bíodh sé neamhghlan go nóin. Bídís neamhghlan agaibh.

Rialacha Eile Fúthu

29 Ar na míola beaga a bhíonn ag snámhaíl ar an talamh, bídís seo neamhghlan agaibh: an t‑eas, an luch, gach cineál earca,

30 an firéad, an cóa, an latáhá, an caimileon, agus an tinseámat.

31 Bídís-sean neamhghlan agaibh i measc na míol beag; aon duine a bhaineann leo agus iad marbh, bíodh sé neamhghlan go nóin.

32 Aon rud ar bith a dtitfidh ceann marbh díobhsan air, bíodh sé neamhghlan, cibé acu soitheach adhmaid é, nó ball éadaigh, nó seithe, nó rón, nó aon earra úsáideach ar bith; ní mór é a thumadh in uisce agus bíodh sé neamhghlan go nóin; beidh sé glan ansin.

33 Má thiteann ceann acu isteach i soitheach cré, bíodh gach a bhfuil ann neamhghlan, agus bristear é.

34 Aon bhia inite a bhíonn ann, ar a dtiocfadh uisce, bíodh sé neamhghlan; aon deoch inchaite, is cuma cén soitheach ina mbíonn, bíodh sí neamhghlan.

35 Aon ní ar a dtiteann cuid dá gconablach, bíodh sé neamhghlan; más oigheann, más sorn é, bristear é; óir is neamhghlan dóibh agus bídís neamhghlan agaibh.

36 (Foinsí toibreacha agus linnte uisce, áfach, fanaidís glan;) aon ní a bhaineann le conablach díobh, bíodh sé neamhghlan.

37 Má thiteann aon chuid dá gconablach ar shíol atá le cur, fanfaidh an síol glan.

38 Ach má scaoiltear uisce ar an síol agus go dtiteann cuid dá gconablach ansin air, bíodh sé neamhghlan agaibh.

39 Má chailltear ceann de na hainmhithe is ceadmhach daoibh a ithe, bíodh an té a bhaineann lena chonablach neamhghlan go nóin.

40 Aon duine a chaitheann cuid dá chonablach, níodh sé a chuid éadaigh agus bíodh sé neamhghlan go nóin; aon duine a iompraíonn an conablach, níodh sé a chuid éadaigh agus bíodh sé neamhghlan go nóin.

41 Gach míol beag a shnámhann ar an talamh, bíodh an ghráin orthu, agus ná hitear iad.

42 Cibé rud a bhogann ar a bholg, nó a bhogann ar cheithre cosa nó breis, na míola beaga go léir is é sin a shnámhann ar an talamh, ná hitear iad, óir is gráiniúil iad.

43 Ná déanaigí sibh féin gráiniúil leis na míola snáfacha sin go léir; ná truailligí sibh féin leo; na truaillítear sibh tríothu.

44 Mise an Tiarna bhur nDia; ar an ábhar sin coisricigí sibh féin agus bígí naofa, óir táimse naofa. Ná truailligí sibh féin, leis na míola seo go léir a shnámhann ar an talamh.

45 Sea, mise an Tiarna a thug sibh amach as tír na hÉigipte le bheith i mo Dhia agaibh. Bígí dá bhrí sin naofa, óir is naofa mise.

46 Sin é an dlí i dtaobh na n‑ainmhithe go léir, na n‑éan go léir, na ndúl beo go léir a shnámhann sna huiscí, agus na míol go léir a shnámhann ar talamh,

47 chun an glan a idirdhealú ón neamhghlan, an dúil inchaite ón dúil dochaite.”

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27