Léivític 15 ABN

Neamhghlaine Ghnéis - Fir

1 Labhair an Tiarna le Maois agus le hÁrón agus dúirt:

2 “Labhair le clann mhac Iosrael agus abair leo:Nuair a tharlaíonn sileadh ó chorp fir, is neamhghlan é an sileadh sin.

3 Fad a mhaireann an sileadh is mar seo leanas an dlí dá neamhghlaine: cibé acu a choisceann a chorp an sileadh nó nach ndéanann, bíodh sé neamhghlan.

4 An leaba ar a luíonn an fear, agus aon suíochán ar a suíonn sé, bíodh sé neamhghlan.

5 Aon duine a bhaineann lena leaba, níodh sé a chuid éadaigh, agus níodh sé é féin, agus bíodh sé neamhghlan go nóin.

6 Aon duine a shuíonn ar shuíochán ar ar shuigh fear an tsilte, níodh sé a chuid éadaigh, agus níodh sé é féin agus bíodh sé neamhghlan go nóin.

7 Aon duine a bhaineann le corp fir dá dtarlaíonn an sileadh, níodh sé a chuid éadaigh, agus níodh sé é féin, agus bíodh sé neamhghlan go nóin.

8 Má chaitheann fear an tsilte seile ar dhuine atá glan, ní foláir dósan a chuid éadaigh a ní, agus é féin a ní, agus bíodh sé neamhghlan go nóin.

9 Aon diallait ina suíonn fear an tsilte, bíodh sí neamhghlan.

10 Iadsan go léir a bhaineann le haon ní a bhíonn faoi, bídís neamhghlan go nóin. Aon duine a iompraíonn a leithéid, ní foláir dó a chuid éadaigh a ní, agus é féin a ní, agus bíodh sé neamhghlan go nóin.

11 Iadsan go léir a mbaineann fear an tsilte leo gan a lámha a ní, nídís a gcuid éadaigh, agus nídís iad féin agus bídís neamhghlan go nóin.

12 Gach soitheach cré a mbaineann fear an tsilte leis, bristear é; agus gach soitheach adhmaid déantar é a shruthlú le huisce.

13 Nuair a bhíonn an té óna mbíonn an sileadh leigheasta, fanadh sé seacht lá i mbun a ghlanta. Ansin níodh sé a chuid éadaigh, agus déanadh sé a chorp a ionladh in uisce reatha, agus bíodh sé glan.

14 Ar an ochtú lá tugadh sé leis dhá cholm nó dhá ghearrcach colúir, agus tagadh sé i láthair an Tiarna ag doras Bhoth na Teagmhála, agus tugadh sé don sagart iad.

15 Ní foláir don sagart ceann acu a ofráil mar íobairt pheaca, agus an ceann eile mar íobairt uileloiscthe. Déanadh an sagart gnás an leorghnímh a chomhlíonadh thar a cheann i láthair an Tiarna ar an gcuma sin ar son a shilte.

16 Nuair a sceitheann fear a shíol, déanadh sé a chorp go léir a ionladh in uisce agus bíodh sé neamhghlan go nóin.

17 Aon bhall éadaigh nó leathair a mbainfidh an sceith síl leis, ní foláir é a ní le huisce agus bíodh sé neamhghlan go nóin.

18 Má luíonn fear le bean agus go sceitheann síol, déanaidís araon iad féin a ionladh, agus beidh siad neamhghlan go nóin.

Mná

19 Nuair a sceitheann bean a fuil agus go sileann sí óna corp, maireadh an neamhghlaine óna cúrsaí míosa ar feadh seacht lá; aon duine a bhainfidh léi, bíodh sé neamhghlan go nóin.

20 Aon leaba ar a luífidh sí agus í mar seo, bíodh sí neamhghlan; aon stól ar a suífidh sí, bíodh sé neamhghlan go nóin.

21 Aon duine a bhainfidh lena leaba, déanadh sé a chuid éadaigh agus é féin a ní in uisce agus bíodh sé neamhghlan go nóin.

22 Aon duine a bhainfidh le haon stól ar ar shuigh sí déanadh sé a chuid éadaigh agus é féin a ní in uisce agus bíodh sé neamhghlan go nóin.

23 Má bhíonn aon ní ar an leaba nó ar an stól ar ar shuigh sí, agus go mbaineann duine leis, bíodh sé neamhghlan go nóin.

24 Má luíonn aon fhear léi, tógfaidh sé an neamhghlaine uaithi. Bíodh sé neamhghlan ar feadh seacht lá. Aon leaba ar a luífidh sé, bíodh sí neamhghlan.

25 Má sceitheann bean fuil ar feadh a lán laethanta lasmuigh dá cúrsaí míosa, nó má bhíonn breis faid lena cúrsaí, bíodh an neamhghlaine chéanna ag roinnt léi, le linn an sceite, agus a bheadh le linn a cúrsaí míosa.

26 Aon leaba ar a luífidh sí fad a mhaireann an sceith seo, gurb é an dála céanna aici agus ag an leaba ar a luíonn sí le linn a cúrsaí míosa. Aon stól ar a suífidh sí, bíodh sé neamhghlan dála neamhghlaine a cúrsaí.

27 Aon duine a bhaineann leis na nithe sin, bíodh sé neamhghlan; déanadh sé a chuid éadaigh agus é féin a ní le huisce, agus bíodh sé neamhghlan go nóin.

28 Nuair a thriomaíonn a sceith, fanadh sí seacht lá, agus ansin bíodh sí glan.

29 Ar an ochtú lá faigheadh sí dhá cholm nó dhá ghearrcach colúir agus tugadh sí léi chun an tsagairt iad ag doras Bhoth na Teagmhála.

30 Ní foláir don sagart ceann acu a ofráil mar íobairt pheaca agus an ceann eile mar íobairt uileloiscthe. Déanadh an sagart gnás an leorghnímh a chomhlíonadh di i láthair an Tiarna ar an gcuma sin, ar son an sceite a d'fhág neamhghlan í.

Dúnadh

31 Seachnaigí clann Iosrael ar a neamhghlaine, le heagla go bhfaighidís bás dá barr, mar go dtruailleoidís mo thaibearnacal atá ina measc.

32 Sin é an dlí do fhear an tsilte agus d'fhear sceite a shíl agus go mbíonn sé neamhghlan dá bharr;

33 don bhean is neamhghlan de bharr a cúrsaí míosa; do fhear nó do bhean le sileadh, agus d'fhear a luíonn le bean neamhghlan.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27