Léivític 26 ABN

Dúnadh

1 Ná déanaigí aon íola daoibh féin agus ná cuirigí aon dealbh shnoite ina seasamh, ná aon ghallán; ná cuirigí aon chloch ghreanta ina seasamh in bhur gcríocha le sléachtadh roimpi: óir is mise an Tiarna do Dhia.

2 Coimeádaigí mo shabóidí agus tugaigí onóir do mo shanctóir. Mise an Tiarna.

Beannachtaí

3 Má mhaireann tú de réir mo dhlíthe, agus má choimeádann tú m'aitheanta agus iad a chomhlíonadh,

4 tabharfaidh mé an fhearthainn is gá daoibh in am agus i dtráth; tabharfaidh an talamh a thoradh uaidh agus crainn an mhachaire a gcnuas.

5 Mairfidh bualadh bhur n‑arbhair go fómhar an fhíona; mairfidh fómhar an fhíona go cur an tsíl. Íosfaidh sibh bhur sáith aráin, agus mairfidh sibh in bhur dtír beag beann ar chách.

6 Tabharfaidh mé síocháin in bhur dtír, agus beidh codladh agaibh gan baol ó aon duine. Cuirfidh mé an ruaig ar ainmhithe allta as an tír; ní ghabhfaidh an claíomh thar bhur dtír.

7 Rachaidh sibh sa tóir ar bhur naimhde agus titfidh siad de rinn bhur gclaímh.

8 Rachaidh cúigear agaibh sa tóir ar chéad agus céad agaibh sa tóir ar dheich míle; agus titfidh bhur naimhde de rinn bhur gclaímh.

9 Cuirfidh mé spéis ionaibh agus déanfaidh mé rathúil líonmhar sibh agus daingneoidh mé mo chonradh libh.

10 Íosfaidh sibh bhur sáith d'fhómhar na bliana caite agus caithfidh sibh an sean amach chun slí a dhéanamh don nua.

11 Cuirfidh mé suas mo bhoth in bhur measc, agus ní bheidh an ghráin agam oraibh.

12 Mairfidh mé in bhur measc; beidh mé i mo Dhia agaibh, agus beidh sibh mar phobal agam.

13 Mise an Tiarna bhur nDia a thug sibh amach as talamh na hÉigipte d'fhonn nach mbeadh sibh in bhur ndaoir acu a thuilleadh. Bhris mé an chuing lenar ceanglaíodh sibh, agus d'fhág mé ag siúl ceannard sibh.

Mallachtaí

14 Mura n‑éisteann sibh liom, agus gach ceann de na haitheanta seo a chomhlíonadh,

15 má dhiúltaíonn sibh do mo dhlíthe agus más beag oraibh mo reachtanna, agus má bhriseann sibh mo chonradh trí fhaillí a dheanamh i m'aitheanta,

16 ansin is mar seo a dhéanfaidh mé libh. Scaoilfidh mé uafás tobann oraibh, díth agus fiabhras a chnaíonn na súile agus a thraochann anáil na beatha. Cuirfidh sibh síol in aisce, óir is iad bhur naimhde a íosfaidh é.

17 Iompóidh mé oraibh agus buafaidh bhur naimhde oraibh. Beidh ceannas ag bhur n‑eascairde oraibh, agus teithfidh sibh gan aon duine sa tóir oraibh.

18 Mura n‑éisteann sibh liom dá ainneoin sin, déanfaidh mé sibh a phionósú arís faoi sheacht de bharr bhur bpeacaí.

19 Brisfidh mé bhur neart uabhair; fágfaidh mé bhur spéir ina iarann agaibh agus bhur dtalamh ina phrás.

20 Meilfidh sibh bhur neart in aisce; ní thabharfaidh bhur dtalamh a thoradh uaidh, ná bhur gcrainn a gcnuas.

21 Má chuireann sibh i m'aghaidh agus gan éisteacht liom, leagfaidh mé na plánna sin oraibh mar phionós faoi sheacht de bharr bhur bpeacaí.

22 Scaoilfidh mé ainmhithe allta fúibh, agus déanfaidh siad slad ar bhur leanaí agus creach ar bhur n‑eallach agus díothú ar bhur líon nó go mbeidh bhur mbóithre tréigthe.

23 Mura ndéanann an méid sin sibh a iompú ar ais chugam, ach go mbíonn sibh fós ag cur i m'aghaidh,

24 cuirfidh mise chomh maith mé féin in bhur n‑aghaidhne, agus buailfidh mé le pionós faoi sheacht sibh de bharr bhur bpeacaí.

25 Seolfaidh mé an claíomh in bhur n‑aghaidh ag díolt an chonartha; má chruinníonn sibh ar scáth a chéile in bhur gcathracha, seolfaidh mé plá in bhur measc agus tabharfar ar láimh do bhur naimhde sibh.

26 Brisfidh mé bhur dteannta aráin agus beidh deichniúr ban chun arán a bhruith san aon oigheann; dáilfidh siad an t‑arán sin ina thomhaisíní, agus íosfaidh sibh é ach beidh ocras tar éis altaithe oraibh.

27 Agus mura n‑éisteann sibh liom dá ainneoin sin, ach cur i m'aghaidh,

28 cuirfidh mé in bhur n‑aghaidh le fraoch feirge, agus leagfaidh mé pionós faoi sheacht oraibh de bharr bhur bpeacaí.

29 Íosfaidh sibh feoil bhur mac féin agus íosfaidh sibh feoil bhur n‑iníonacha féin.

30 Scriosfaidh mé bhur n‑áiteanna arda agus smiotfaidh mé bhur n‑altóirí túise. Déanfaidh mé carnáil bhur marbh a chaitheamh ar charnáil bhur n‑íol marbh; beidh an ghráin ag m'anam oraibh.

31 Fágfaidh mé bhur gcathracha ina bhfothracha; scartálfaidh mé bhur sanctóirí; ní bholóidh mé cumhracht libh a thaitneoidh liom.

32 Scriosfaidh mise, sea mise féin, an talamh i dtreo go gcuirfidh sé alltacht ar bhur naimhde a chuirfidh fúthu ann.

33 Scaipfidh mé sibh i measc na gciníocha agus nochtfaidh mé an claíomh ar bhur sála; millfear bhur gcríocha agus déanfar fásach de bhur gcathracha.

34 Beidh a shabóidí ag bhur bhfearann ansin gan amhras agus é bánaithe agus sibhse i gcríocha bhur naimhde. Beidh suaimhneas agus sabóidí ansin gan amhras ag an bhfearann.

35 Fad a fhágfar bánaithe é, beidh suaimhneas aige, rud nach raibh aige le linn bhur sabóidíse nuair a bhí cónaí oraibh ann.

36 Maidir leo siúd a fhágfar, seolfaidh mé lagar isteach ina gcroí i gcríocha a naimhde; cuirfidh siosarnach duilleoige le gaoth an teitheadh orthu agus teithfidh siad mar a theithfeadh duine ón gclaíomh; titfidh siad gan fear ar a dtóir.

37 Titfidh siad muin mairc a chéile faoi mar bheidís ag teitheadh ó chlaíomh, ach gan aon tóir orthu. Ní bheidh sé de chumas ionaibh seasamh in aghaidh bhur naimhde.

38 Scriosfar sibh i measc na gciníocha agus slogfaidh críocha bhur naimhde sibh.

39 A mbeidh fágtha díbh, seargfaidh siad i gcríocha a naimhde de bharr a bpeacaí; de bharr peacaí a n‑aithreacha chomh maith, seargfaidh siad ar aon dul leo.

40 Ach má admhaíonn siad a bpeacaí agus peacaí a n‑aithreacha trína ndearnadar feall i m'aghaidh, sea agus trínar chuireadar i mo choinne,

41 i dtreo gur chuir mise ina gcoinnesean agus gur sheol mé iad i dtír a naimhde, agus má umhlaítear a gcroí gan timpeallghearradh, agus go ndéanann siad leorghníomh ar son a bpeacaí,

42 ansin cuimhneoidh mé ar mo chonradh le Iacób, agus ar mo chonradh le hÍosác, agus ar mo chonradh le hAbrahám; agus cuimhneoidh mé ar an tír.

43 Arna thréigean acusan, coimeádfaidh an talamh a shabóidí agus é bánaithe gan iad. Ach ní foláir dóibh leorghníomh a dhéanamh ina bpeaca, ó ba bheag orthu mo reachtanna agus ba fhuath leo mo dhlíthe.

44 Ní bheidh deireadh déanta, áfach. Nuair a bheidh siad i dtír a naimhde, ní thabharfaidh mé cúl leo ná ní bheidh an ghráin agam orthu i slí is go scriosfainn ar fad iad agus go mbrisfinn mo chonradh leo; óir is mise an Tiarna a nDia.

45 Cuimhneoidh mé, ar a son, ar an gconradh a rinne mé lena sinsir a thug mé amach ó thír na hÉigipte os comhair na gciníocha d'fhonn go mbeinn i mo Dhia acu, mise, an Tiarna.”

46 Seo iad na reachtanna, na gnásanna, na dlíthe a bhunaigh an Tiarna idir é féin agus clann Iosrael ar Shliabh Shíonái trí láimh Mhaois.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27