Léivític 8 ABN

Insealbhú na Sagart

1 Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

2 “Beir leat Árón agus a chlann mhac leis, agus na héidí, agus an criosma, agus an tarbh don íobairt pheaca, agus an dá reithe, agus an cliabh slimaráin.

3 Gair an comhthionól go léir le chéile ansin ag doras Bhoth na Teagmhála.”

4 Rinne Maois de réir mar d'ordaigh an Tiarna dó; chruinnigh an comhthionól ag doras Bhoth na Teagmhála.

5 Agus dúirt Maois leis an gcomhthionól: “Seo mar a d'ordaigh an Tiarna a dhéanamh.”

6 Rug Maois Árón agus a chlann mhac os a gcomhair agus nigh iad le huisce.

7 Chuir sé an t‑ionar air, chuir an crios faoina choim, chuir an fhallaing uime agus chuir an t‑éafód air.

8 Chuir sé an lúireach air agus shocraigh inti an tÚirím agus an Tuimím.

9 Chuir sé an cheannbheart ar a cheann agus shocraigh an lann óir uirthi chun tosaigh; í sin an choróin bheannaithe de réir mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

10 Fuair Maois an criosma ansin agus rinne an taibearnacal agus a raibh ann a ungadh agus a choisreacan.

11 Chroith sé cuid de seacht n‑uaire ar an altóir agus rinne an altóir agus a ghréithe, agus an t‑umar gona bhonn a ungadh á gcoisreacan.

12 Ansin dhoirt sé cuid den chriosma ar cheann Árón á choisreacan leis an ungadh.

13 Ansin rug Maois leis clann mhac Árón, chuir ionair orthu, chuir criosanna faoina gcoim, agus boinéid ar a gceann de réir mar d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

14 Ansin thug sé tarbh an íobairt pheaca i láthair, agus leag Árón agus a chlann mhac a lámha ar cheann an tairbh sin.

15 Mharaigh Maois é. Ansin thóg sé an fhuil agus chuir cuid di, lena mhéar, ar bheanna na haltóra timpeall á glanadh. Dhoirt sé an chuid eile den fhuil ag bun na haltóra agus rinne í a choisreacan le gnás an leorghnímh ar a son.

16 Thóg Maois an tsaill go léir a bhí timpeall an ionathair, an meall saille ar an ae, an dá dhuán agus a gcuid saille, agus dhóigh sé an méid sin go léir ar an altóir.

17 Ach seithe an tairbh, a fheoil agus otrach, dhóigh sé lasmuigh den champa iad de réir mar d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

18 Ansin thug sé an reithe don íobairt uileloiscthe i láthair. Leag Árón agus a chlann mhac a lámha ar cheann an reithe.

19 Mharaigh Maois é agus dhoirt a chuid fola ar imill na haltóra.

20 Ansin rinne sé ceathrúna den reithe, dhóigh sé an ceann, na spólaí agus an tsaill.

21 Tar éis an t‑ionathar agus na cosa a ní le huisce, loisc Maois an reithe go léir ar an altóir, mar íobairt uileloiscthe, a bhí ina boladh cumhra a thaitin leis an Tiarna; ba íobairt dhóite don Tiarna í de réir mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

22 Ansin thug sé an reithe eile i láthair, d'íobairt an insealbhaithe. Leag Árón agus a chlann mhac a lámha ar cheann an reithe.

23 Ansin mharaigh Maois é, agus thóg cuid den fhuil agus chuir ar mhaothán cluaise deise Árón í, ar ordóg a láimhe deise, agus ar ordóg a choise deise.

24 Ansin tugadh clann mhac Árón i láthair agus chuir Maois cuid den fhuil ar mhaothán a gcluaise deise, ar ordóg a láimhe deise agus ar ordóg a gcoise deise. Agus dhoirt Maois an chuid eile den fhuil ar imill na haltóra.

25 Ansin thóg sé an tsaill: an t‑eireaball méith, an tsaill ar an ionathar, an meall saille ar an ae, an dá dhuán agus an tsaill orthusan, agus an cheathrú dheas.

26 As an gcliabh slimaráin a bhí leagtha os comhair an Tiarna, thóg sé builín slim agus builín aráin fuinte le hola, agus cáca. Leag sé iadsan ar an tsaill agus ar an gceathrú dheas,

27 agus chuir sé an t‑iomlán i lámha Árón agus a mhac agus rinne iad a ofráil mar dhleacht ar leith i láthair an Tiarna.

28 Ansin ghlac Maois ar ais óna lámha iad agus loisc ar an altóir iad fara an íobairt uileloiscthe. Ba í seo íobairt an insealbhaithe a bhí ina boladh cumhra a thaitin leis an Tiarna. Ba íobairt dhóite don Tiarna í.

29 Ansin thóg Maois an brollach agus rinne é a ofráil mar dhleacht ar leith i láthair an Tiarna. Bhí an chuid sin de reithe an insealbhaithe ag Maois, mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

30 Ansin thóg Maois cuid den chriosma agus den fhuil a bhí ar an altóir, agus dhoirt ar Árón agus ar a éidí í, agus ar a chlann mhac agus ar a n‑éidí. Choisric sé Árón agus a éidí, a chlann mhac agus a n‑éidí, ar an gcuma sin.

31 Ansin dúirt Maois le hÁrón agus lena chlann mhac: “Déanaigí an fheoil a bhruith ag doras Bhoth na Teagmhála, agus ithigí ansiúd í; agus mar an gcéanna leis an arán do íobairt an insealbhaithe atá sa chliabh faoi mar a d'ordaigh mé á rá: Itheadh Árón agus a chlann mhac é!

32 A mbíonn fágtha den fheoil agus den arán, déanaigí é a dhó.

33 Ar feadh seacht lá ní rachaidh sibh lasmuigh de dhoras Bhoth na Teagmhála go dtí go mbeidh téarma bhur n‑insealbhaithe caite agaibh; tógfaidh bhur n‑insealbhú seacht lá.

34 D'ordaigh an Tiarna dúinn déanamh mar a rinneamar inniu ag comhlíonadh ghnás an leorghnímh ar bhur son.

35 Ní foláir daoibh fanacht seacht lá agus seacht n‑oíche ag doras Bhoth na Teagmhála ag comhlíonadh ghnás an Tiarna; déanaigí amhlaidh agus ní baol daoibh an bás. Sin é an t‑ordú a fuaireas.”

36 Rinne Árón agus a chlann mhac gach ní a d'ordaigh an Tiarna trí Mhaois.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27