4 Leagadh sé lámh ar cheann an íobarthaigh le loscadh agus glacfar leis mar shás leorghnímh dó.
5 Ansin maraíodh sé an tarbh i láthair an Tiarna agus déanfaidh clann Árón, na sagairt, an fhuil a ofráil. Déanfaidh siad í a dhoirteadh ar imill na haltóra atá ag doras Bhoth na Teagmhála.
6 Déanadh sé an t‑íobarthach a fheannadh ansin agus a ghearradh ina phíosaí.
7 Cuireadh clann Árón, na sagairt, tine ar an altóir, agus cóirídís brosna ar an tine sin.
8 Leagadh clann Árón, na sagairt, na píosaí, agus an ceann, agus an tsaill in ord ar an mbrosna ar an tine ar an altóir.
9 Ach a ionathar, agus a chosa, níodh sé in uisce iad agus dódh an sagart an t‑iomlán ar an altóir. Beidh an t‑uileloisctheach seo ina íobairt dhóite agus beidh a chumhracht taitneamhach leis an Tiarna.
10 Más ainmhí ón tréad, ceann de na caoirigh nó de na gabhair, a bheidh le hofráil aige le huileloscadh, ofráladh sé fireannach gan mháchail.