1 Nádáb agus Aibíchiú, beirt mhac Árón, thóg gach duine díobh a thúiseoir, chuir tine ann, túis ar an tine agus d'ofráladar i láthair an Tiarna tine mhídhleathach nach raibh ordaithe aige dóibh.
2 Ansin phreab lasair amach ó fhianaise an Tiarna agus scrios iad, agus fuaireadar bás i láthair an Tiarna.
3 Dúirt Maois le hÁrón: “Sé seo a bhí i gceist ag an Tiarna á rá:‘Taispeánfaidh mé mo naofacht i measc a bhfuil i ngar dom,Agus don phobal go léir foilseofar mo ghlóir.’ ”Níor fhan focal ag Árón.
4 Ghlaoigh Maois ar Mhíseáél agus ar Ealzáfán, mic Uizíél uncail Árón, agus dúirt leo: “Tagaigí agus beirigí bhur mbráithre libh i bhfad ón sanctóir, ón gcampa amach.”
5 Thángadar agus rugadar leo iad, a n‑ionair fós orthu, ón gcampa amach mar a d'ordaigh Maois.