10 Bíodh an scéal amhlaidh chomh maith agus sibh ag dealú an naofa ón gcoitianta, an ghlan ón neamhghlan,
11 agus nuair a bheidh na reachtanna go léir a dheachtaigh an Tiarna dóibh trí bhéal Mhaois agaibh á dteagasc do chlann Iosrael.”
12 Dúirt Maois le hÁrón agus le hEileázár agus Íteámár, na mic leis a bhí fágtha: “Tógaigí fuílleach na habhlainne atá fágtha d'íobairtí dóite an Tiarna. Ithigí an chuid shlim di láimh leis an altóir, óir tá sí sárnaofa.
13 Ithigí in áit naofa í, óir is í sin do cheartroinn agus ceartroinn do mhac de na híobairtí tine don Tiarna. Sin é an t‑órdú a fuair mé.
14 Ach an brollach a ofráladh agus an cheathrú a cuireadh i leataobh, ithigí in áit ghlan iad, tusa agus do chlann mhac agus d'iníonacha mar aon leat; óir sin í an chuid d'íobairtí comaoineach chlann Iosrael is dual duitse agus do do chlann mhac agus do d'iníonacha mar aon leat.
15 An cheathrú a cuireadh i leataobh agus an brollach a ofráladh nuair a dódh an tsaill, bídís agatsa agus ag do chlann mhac mar aon leat, tar éis iad a ofráil i láthair an Tiarna mar dhleacht ar leith, de réir dlí shíoraí mar a d'ordaigh an Tiarna.”
16 Rinne Maois ansin fiosrú grinn faoin ngabhar a ofráladh mar íobairt pheaca agus fuair amach gur dhóigh siad é. Tháinig fearg air le hEileázár agus Íteámár, na mic le hÁrón a bhí fágtha: