4 Ghlaoigh Maois ar Mhíseáél agus ar Ealzáfán, mic Uizíél uncail Árón, agus dúirt leo: “Tagaigí agus beirigí bhur mbráithre libh i bhfad ón sanctóir, ón gcampa amach.”
5 Thángadar agus rugadar leo iad, a n‑ionair fós orthu, ón gcampa amach mar a d'ordaigh Maois.
6 Dúirt Maois le hÁrón agus lena mhic Eileázár agus Íteámár: “Ná stollaigí gruaig bhur gcinn agus ná sracaigí bhur gcuid éadaigh; ní baol daoibh an bás; is leis an gcomhthionól uile atá sé i bhfearg; is é teaghlach Iosrael uile a chaithfidh bhur mbráithre a chaoineadh, bhur mbráithre a scrios tine an Tiarna.
7 Ná fágaigí doras Bhoth na Teagmhála le heagla go bhfaigheadh sibh bás; óir tá criosma an Tiarna oraibh.” Rinneadar mar a dúirt Maois.
8 Labhair an Tiarna le hÁrón agus dúirt:
9 “Nuair a bhíonn sibh ag dul isteach i mBoth na Teagmhála, tú féin agus do chlann mhac mar aon leat, ná hólaigí fion ná braon crua, le heagla an bháis. Reacht síoraí é sin ag bhur sliocht ó ghlúin go glúin.
10 Bíodh an scéal amhlaidh chomh maith agus sibh ag dealú an naofa ón gcoitianta, an ghlan ón neamhghlan,