2 “Bíodh sé seo mar dhlí don lobhar lá a ghlanta: Tugtar chun an tsagairt é.
3 Téadh an sagart ón gcampa amach. Má fhaigheann an sagart amach, arna iniúchadh, go bhfuil an lobhar leigheasta ón ngalar lobhrach,
4 ordaíodh an sagart an méid seo leanas a bhreith i gcomhair íonghlanadh an duine: dhá éan ghlana bheo, adhmad céadrais, ábhar craorag agus craobh íosóipe.
5 Ordaíodh an sagart ceann de na héin a mharú i soitheach cré os cionn uisce reatha.
6 Ansin beireadh sé leis an t‑éan beo, an t‑admhad céadrais, an t‑ábhar craorag, agus an chraobh íosóipe, agus tumadh sé an méid sin agus an t‑éan beo faróthu, i bhfuil an éin a maraíodh os cionn an uisce reatha.
7 Agus craitheadh sé seacht n‑uaire í ar an té atá le híonghlanadh óna lobhra, agus fógraíodh sé glan é, agus scaoileadh sé saor faoi na bánta an t‑éan beo.
8 An té a bhíonn á ghlanadh, níodh sé a chuid éadaigh, bearradh sé a ghruaig go léir, níodh sé é féin, agus bíodh sé glan. Ní miste dó filleadh ar an gcampa ansin, ach ní foláir dó fanacht seacht lá lasmuigh dá bhoth.