22 agus dhá cholm nó dhá ghearrcach colúir - más acmhainn dó iad - ceann d'íobairt pheaca, agus ceann eile don uileloscadh.
23 Ar an ochtú lá ní foláir dó iad a thabhairt chun an tsagairt ag doras Bhoth na Teagmhála i láthair an Tiarna ar son a ghlanta.
24 Tógadh an sagart an t‑uan don íobairt leorghnímh agus an log ola agus cuireadh sé i láthair an Tiarna iad leis an dleacht ar leith a ofráil.
25 Ansin maraíodh sé an t‑uan don íobairt leorghnímh; tógadh an sagart cuid de fhuil an íobairt leorghnímh agus cuireadh sé í ar mhaothán cluaise an té atá le glanadh, ar ordóg a láimhe deise, agus ar ordóg a choise deise.
26 Ansin doirteadh an sagart cuid den ola ar bhois a laimhe clé,
27 agus croitheadh sé cuid den ola atá ar a láimh chlé seacht n‑uaire lena mhéar i láthair an Tiarna.
28 Cuireadh sé cuid di ar mhaothán cluaise deise an té atá le glanadh, ar ordóg á láimhe deise, ar ordóg a choise deise, mar a rinne le fuil an íobairt leorghnímh.