31 déanadh sé íobairt pheaca le ceann díobh agus íobairt uileloiscthe leis an gceann eile mar aon le habhlann, de réir a acmhainne. Sin mar atá gnás an leorghnímh le comhlíonadh ag an sagart i láthair an Tiarna ar son an duine atá le glanadh.
32 “Sin é an dlí maidir le duine a bhfuil lobhra air agus a bhfuil na hofrálacha glanta thar a acmhainn.”
33 Labhair an Tiarna le Maois agus le hÁrón, agus dúirt:
34 “Nuair a shroichfidh sibh tír Chanán, atá á thabhairt agam daoibh mar shealús, agus go leagann mo lámh lobhra ar theach i bhur bhfearann dílis,
35 tagadh an sealbhóir le rabhadh chun an tsagairt: ‘Dealraíonn go bhfuil sórt éigin galair i mo theach.’
36 Tugadh an sagart ordú ansin an teach a fholmhú roimh an sagart a dhul ag iniúchadh an ghalair le heagla go bhfógrófaí neamhghlan a mbíonn sa teach. Ansin ní foláir don sagart dul agus an teach a iniúchadh,
37 agus má aimsíonn sé ina iniúchadh paistí glasa nó cróna galair ar na ballaí, agus iad ag dul faoi chneas,