45 Ní foláir an teach a scartáil, idir chlocha agus admhad agus phlástar, agus iad seo a iompar go háit neamhghlan lasmuigh den chathair.
46 “Aon duine a théann isteach sa teach agus é dúnta, bíodh sé neamhghlan go nóin.
47 Aon duine a chodlaíonn ann, ní foláir dó a chuid éadaigh a ní, agus aon duine a itheann sa teach, ní foláir dó a chuid éadaigh a ní.
48 Ach má thagann an sagart agus an teach a iniúchadh agus a fheiceáil nár leath an galar sa teach tar éis a phlástrála, ansin fógraíodh an sagart an teach a bheith glan, óir tá an galar leigheasta.
49 “Do ghlanadh an tí, tógadh sé dhá éan bheaga, adhmad céadrais, ábhar craorag agus craobh íosóipe;
50 maraíodh sé ceann de na héin i soitheach cré os cionn uisce reatha,
51 agus tógadh sé an t‑adhmad céadrais, an chraobh íosóipe, agus an t‑ábhar craorag, agus an t‑éan beo, agus tumadh sé an méid sin agus an t‑éan beo faróthu i bhfuil an éin a maraíodh os cionn an uisce reatha agus croitheadh sé seacht n‑uaire ar an teach í.