53 scaoileadh sé leis an éan beo saor faoi na bánta ón gcathair amach. Nuair a bhíonn gnás an ghlanta comhlíonta ar an gcuma seo don teach, bíodh sé glan.
54 “Sin é an dlí do gach cás lobhra agus tine dhia,
55 do lobhra éadaigh agus tithe,
56 do at nó do mhéirscre nó do ghearb,
57 á shocrú cathain is glan agus is neamhghlan dóibh. Sin é dlí na lobhra.”