7 Agus craitheadh sé seacht n‑uaire í ar an té atá le híonghlanadh óna lobhra, agus fógraíodh sé glan é, agus scaoileadh sé saor faoi na bánta an t‑éan beo.
8 An té a bhíonn á ghlanadh, níodh sé a chuid éadaigh, bearradh sé a ghruaig go léir, níodh sé é féin, agus bíodh sé glan. Ní miste dó filleadh ar an gcampa ansin, ach ní foláir dó fanacht seacht lá lasmuigh dá bhoth.
9 Ar an seachtú lá bearradh sé a ghruaig go léir - idir cheann, mhalaí agus fhéasóg; bearradh sé a ghruaig on bpréamh. Tar éis dó a chuid éadaigh agus é féin a ní, bíodh sé glan. ”
10 “Ar an ochtú lá beireadh sé leis dhá uan fhireanna agus fóisc gan mháchail, trí dheachú éafá de phlúr mín fuinte le hola don abhlann agus log ola.
11 An sagart a bhíonn ag comhlíonadh ghnás an ghlanta, tugadh sé an té atá le glanadh agus a ofrálacha os comhair an Tiarna, ag doras Bhoth na Teagmhála.
12 Tógadh sé ceann de na huain agus ofráladh sé é mar íobairt leorghnímh, é sin agus an log ola. Déanadh sé an dleacht ar leith a ofráil i láthair an Tiarna leo seo.
13 Maraíodh sé an t‑uan ar an láthair sin san áit naofa mar a maraítear na híobarthaigh pheaca agus uileloiscthe. An íobairt leorghnímh seo, dála an íobairt pheaca, baineann sí leis an sagart; tá sí sárnaofa.