Léivític 16:12-18 ABN

12 Tógadh sé túiseoir lán de sméaróidí dearga ón altóir os comhair an Tiarna, agus dhá chrobh de thúis mhín chumhra, agus tugadh sé thar fial isteach é,

13 agus cuireadh sé an túis ar an tine i láthair an Tiarna agus folaíodh sé le seamall túise cathaoir na trócaire atá ar an bhFianaise, le heagla an bháis.

14 Ansin tógadh sé cuid d'fhuil an tairbh agus croitheadh sé í lena mhéar ar thosach chathaoir na trócaire; ní foláir dó an fhuil seo a chroitheadh seacht n‑uaire lena mhéar os comhair chathaoir na trócaire.

15 “Ansin maraíodh sé an pocán d'íobairt pheaca an phobail, agus tugadh sé a fhuil thar fial isteach. Déanadh sé dála fhuil an tairbh leis an bhfuil seo, agus croitheadh sé í ar chathaoir na trócaire agus os comhair na cathaoireach sin.

16 Sin mar atá gnás an leorghnímh le comhlíonadh aige don sanctóir ar son neamhghlaine chlann Iosrael, dá gcionta agus dá bpeacaí go léir; sin é leis mar nach foláir dó a dhéanamh do Bhoth na Teagmhála a fhanann faru i lár a neamhghlaine.

17 Ná fanadh aon duine i mBoth na Teagmhála ón uair a ghabhann sé isteach sa sanctóir ag déanamh leorghnímh go dtagann sé amach. Nuair a bhíonn leorghníomh déanta aige dó féin, agus dá theaghlach agus dá mhuintir, agus do chomhthionól Iosrael go léir,

18 tagadh sé amach agus téadh sé go dtí an altóir atá os comhair an Tiarna agus comhlíonadh sé gnás an leorghnímh uirthi. Tógadh sé cuid d'fhuil an tairbh agus an phocáin agus cuireadh sé í ar bheanna na haltóra timpeall.