20 “Nuair a bheidh gnás an leorghnímh don sanctóir, do Bhoth na Teagmhála, agus don altóir, comhlíonta aige, tugadh sé an pocán eile, an ceann beo, i láthair.
21 Leagadh Árón a dhá láimh ar cheann an phocáin bheo, agus admhaíodh sé coireanna uile chlann Iosrael os a chionn, agus a gcionta go léir, agus a bpeacaí go léir; agus leagadh sé sa mhullach air iad. Agus iadsan go léir leagtha sa cheann air, seoladh sé amach faoin bhfásach é ar láimh ag fear a bhíonn ullamh chuige sin;
22 agus iompróidh an pocán ualach a gcoireanna go léir leis amach faoin bhfásach.
23 “Ansin tiocfaidh Árón isteach i mBoth na Teagmhála tar éis dó an gabhar a sheoladh faoin bhfásach. Baineadh sé de an éide lín a chuir sé uime ag dul isteach sa sanctóir, agus fágadh sé ansiúd í.
24 Déanadh sé é féin a ionladh in áit choisricthe, agus ansin cuireadh sé na héidí uime arís, agus gabhadh sé amach arís chun a íobairt uileloiscthe féin agus íobairt uileloiscthe a phobail a ofráil, agus leorghníomh a dhéanamh ar a shon féin agus ar son an phobail;
25 ní foláir dó saill an íobairt pheaca a loscadh ar an altóir.
26 An té a scaoilfidh an gabhar chun Azázael, déanadh sé a chuid éadaigh agus a chorp a ní le huisce, agus ní miste dó filleadh ar an gcampa ansin.