6 Ofráladh Árón an tarbh mar íobairt pheaca ar a shon féin agus ceiliúradh sé gnás an leorghnímh ar a shon féin agus ar son a theaghlaigh.
7 Tugadh Árón an dá phocán leis ansin agus cuireadh sé iad i láthair an Tiarna ag doras Bhoth na Teagmhála.
8 Cuireadh sé an dá phocán ar cranna, ceann don Tiarna agus an ceann eile do Azázael.
9 An pocán ar a dtitfidh crann an Tiarna, tugadh sé i láthair é agus ofráladh sé é mar íobairt pheaca,
10 ach an pocán ar a dtitfidh crann Azázael, cuirtear i láthair an Tiarna é, agus an t‑anam ann, chun gnás an leorghnímh a chomhlíonadh air agus é a sheoladh isteach san fhásach go hAzázael.
11 Ofráladh Árón an tarbh mar íobairt pheaca dó féin, agus comhlíonadh sé gnás an leorghnímh dó féin agus dá mhuintir; maraíodh sé an tarbh mar íobairt pheaca dó féin.
12 Tógadh sé túiseoir lán de sméaróidí dearga ón altóir os comhair an Tiarna, agus dhá chrobh de thúis mhín chumhra, agus tugadh sé thar fial isteach é,