1 Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
2 “Labhair le hÁrón agus lena chlann agus le clann Iosrael agus abair leo:Seo daoibh briathar an Tiarna, á ordú:
3 Aon duine de theaghlach Iosrael a mharaíonn damh nó uan nó gabhar sa champa nó lasmuigh de,
4 ní foláir dó ar dtús é a thabhairt go doras Bhoth an Teagmhála lena ofráil don Tiarna os comhair a thaibearnacail; aon duine nach ndéanann amhlaidh cuirfear an fhuil a doirteadh ina leith; déantar é a ionnarbadh óna phobal.
5 Ar an gcuma sin, na hainmhithe is mian le clann Iosrael a mharú faoin tuath, tabharfar go dtí an sagart iad, don Tiarna, ag doras Bhoth na Teagmhála; déanfaidh siad iad a mharú ina n‑íobairtí comaoineach don Tiarna.