1 Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
2 “Labhair le clann Iosrael agus abair leo:Mise an Tiarna bhur nDia.
3 Ná déanaigí amhail dhéanann siad san Éigipt mar a raibh cónaí oraibh tráth; ná déanaigí amhail dhéanann siad i gCanán mar a bhfuil mé do bhur dtabhairt. Ná géilligí dá ndlíthe.
4 Géilligí do mo reachtanna agus coimeádaigí mo dhlíthe, agus mairigí dá réir. Mise an Tiarna bhur nDia.
5 Coimeádaigí mo dhlíthe agus mo reachtanna. An té a leanann iad, beidh an bheatha aige iontu. Mise an Tiarna.
6 Ní ceadmhach d'aon duine agaibh druidim le bean gharghaoil leis an bhfolach a bhaint dá nochtacht. Mise an Tiarna.
7 Ná bain an folach de nochtacht d'athar, nochtacht do mháthar is é sin; sí do mháthair í, ná bain an folach dá nochtacht.