10 Ná bain an folach de nochtacht iníon do mhic ná d'iníne; sí do nochtacht féin a nochtachtsan.
11 Ná bain an folach de nochtacht iníon bhean d'athar a gineadh ó d'athair. Is deirfiúr duit í; ná bain an folach dá nochtacht.
12 Ná bain an folach de nochtacht dheirfiúr d'athar; óir sí feoil d'athar í.
13 Ná bain an folach de nochtacht dheirfiúr do mháthar, óir sí feoil do mháthar í.
14 Ná bain an folach de nochtacht dheartháir d'athar; ná druid, sé sin, lena bhean; sí d'aintín í.
15 Ná bain an folach de nochtacht do bhean mhic; ós í bean do mhic í, ná bain an folach dá nochtacht.
16 Ná bain an folach de nochtacht bhean do dhearthár, óir sí nochtacht do dhearthár í.